Roinn 1 de Shraith Peile Allianz
ÁTH CLIATH 1-20 AN MHÍ 0-19
Le Jamie Ó Tuama i bPáirc Pharnell
Tá os cionn seacht mí imithe ó d’imir an dá fhoireann seo go deireanach i Sraith Peile Allianz ach níor chuir sé sin isteach puinn ar chaighdeán na himeartha anocht. Bhí roinnt athruithe ag an dá fhoireann ó d’imir siad go deireanach agus thosaigh Cian Murphy don chéad uair mar lánchúlaí ar chlé agus thosaigh Emmet Ó Conghaile i lár na páirce d’Áth Cliath. Thosaigh Eoin Harkin agus Cathal Hickey don chéad uair don Mhí.
In ainneoin gur aimsigh Shane Walsh an chéad scór sa chluiche don Mhí sa 4ú nóiméad ba ag foireann Dessie Farrell a bhí an lámh in uachtar sa chluiche seo sa chéad cheathrú. Tar éis deich nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-04 go dtí 0-01 a bhuíochas sin do scóranna ó Dean Rock le 1-02 agus cúilín an duine ó Chiarán Kilkenny agus ó Con O’Callaghan. Tháinig cúl Rock ó bhotún nuair a rinne cúl báire na Mí, Mark Brennan, iarracht cic amach gearr a chur chuig Shane McEntee. D’aimsigh Áth Cliath an liathróid agus phasáil Rock go cúl na heangaí í.
Ní raibh an Mhí críochnaithe. D’aimsigh siad trí cinn den chéad cheithre chúilín eile leis an mbearna a laghdú – péire ó Shane Walsh agus ceann ó Chillian O’Sullivan. Spreag sin na Dubs an athuair, áfach, agus d’imsigh siad an chéad trí scór eile ó Brian Fenton, ó Chiarán Kilkenny agus ó Con O’Callaghan.
Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh bua compordach ag an bhfoireann baile ach d’éirigh leis an Mí trí shaorchic i ndiaidh a chéile a aimsiú ó chos Thomas O’Reilly lena gcoinneáil sa chluiche. Ba cheart go mbeadh cúl ag Cathal Hickey ina dhiaidh sin, freisin, ach bhí sábháil iontach ag Stephen Cluxton, a bhí ag imirt ina 20ú bliain le hÁth Cliath, lena iarracht a chloí.
Scór leathama: Áth Cliath 1-10 An Mhí 0-10
Thrádáil na foirne scóranna ag tús an dara leath agus d’éirigh le an Mí an bhearna a laghdú go dtí cúilín amháin. Cruinneas O’Reilly ó na saorchiceanna a bhí á gcoinneáil sa chluiche agus tar éis 43 nóiméad ní raibh ach cúilín idir na foirne.
Chríochnaigh an fhoireann baile go láidir áfach, agus Rock ach go háirithe, agus bhí bua ceithre chúilín ag Áth Cliath sa deireadh. Chríochnaigh Rock an cluiche le 1-08 d’Áth Cliath.
Bheadh Andy McEntee breá sásta le taispeántas a fhoirne agus iad réidh díriú ar Chraobh Laighean anois.
Fágann an toradh seo go gcríochnóidh an Mhí ag bun na sraithe agus go mbeidh deis ag foireann Dessie Farrell críochnú ag barr na sraithe ag brath ar thorthaí ó chluichí eile. Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Ghaillimh sa chluiche deireanach agus tabharfaidh an Mhí aghaidh ar Mhuineachán.
Scór deiridh: Áth Cliath 1-20 An Mhí 0-19
Scórálaithe Átha Cliath: Dean Rock 1-08 (5CS), Ciarán Kilkenny 0-4 (1m), Con O’Callaghan 0-04, Brian Fenton 0-02, Paddy Small 0-02
Scórálaithe na Mí: Thomas O’Reilly 0-06 (6CS), Shane Walsh 0-04, Cillian O’Sullivan 0-03 (2CS), James Conlon 0-02, Jordan Morris 0-02, Menton 0-01, Eoin Harkin 0-01,
ÁTH CLIATH: Stephen Cluxton, Cian Murphy, David Byrne, Michael Fitzsimons, John Small, Jonny Cooper, Robert McDaid, Brian Fenton, Emmet Ó Conghaile, Eric Lowndes, Ciarán Kilkenny, Niall Scully, Paddy Small, Con O’Callaghan, Dean Rock. Ionadaithe: Eoin Muchan do Jonny Cooper (46n), Brian Howard do Emmet Ó Conghaile (49n), Cian O’Sullivan do John Small (53), Aaron Byrne do Paddy Small (63n), Seán Bugler for Eric Lowndes (70n)
AN MHÍ: Mark Brennan, Eoin Larkin, Cathal Hickey, David Toner, Gavin McCoy, Shane McEntee, Dónal Keogan, Bryan Menton, Ronan Jones, Ethan Devine, Cillian O’Sullivan, Jason Scully, Thomas O’Reilly, James McEntee, Shane Walsh. Ionadaithe: Jordon Morris do Ethan Devine (31n), Darragh Campion for Jason Scully (53n), James Conlon for Shane Walsh (59n)
Réiteoir: Brendan Cawley (Cill Dara)