Le Jamie Ó Tuama
D’fhógair Mark Lynch (32) go raibh sé tar éis éirí as painéal Dhoire inné, 6 Nollaig, 2018. Bhuaigh Mark Craobh Mionúir na hÉireann lena chontae sa bhliain 2002 agus d’imir sé leis an bhfoireann shinsearach don chéad uair dhá bhliain ina dhiaidh sin sa bhliain 2004. Bhuaigh sé an tSraith Náisiúnta sa bhliain 2008.
Dúirt Mark gur mhór an phribhléid dhó a bheith in ann geansaí a chontae dhúchais a chaitheamh ar feadh 14 bliain. Ghabh sé buíochas ar leith lena theaghlach agus lena chlann, lena chlub – Naomh Muire, Beannchar, leis na himreoirí uilig a d’imir leis agus leis an lucht bainistíochta uilig a bhí aige thar na blianta.
Tagann sé seo sna sála ar an nuacht go bhfuil Johnny McCaffrey tar éis éirí as foireann iomána Átha Cliath agus go bhfuil Seamus Hickey tar éis éirí as foireann iomána Luimnigh.
Gach rath orthu uilig.