Beidh athimirt againn ar Chluiche Ceannais na hÉireann idir an Clár agus Corcaigh i gCraobh na Mumhan ar an deireadh seachtaine
Le Jamie Ó Tuama
Tá féasta mór iomána amach romhainn an deireadh seachtaine seo. Imreoidh 34 foireann ar fad i sé cinn de chraobhchomórtais ar fud na tíre – Craobhchomórtais Uí Mheachair, Mhic Riocaird agus Uí Rinn, Craobhchomórtas Sheosaimh Mhic Dhonncha chomh maith le Craobhacha Laighean agus na Mumhan. Beidh gach foireann seachas Port Láirge agus Nua-Eabhrac ag gabháil chun páirce uaidh seo go ceann cúpla lá.
Craobhchomórtas Iomána Chúige Laighean
Cuirfear tús leis an scléip i gCraobhchomórtas Iomána Chúige Laighean i mbliana nuair a imreoidh Loch Garman in aghaidh Aontroma i bPáirc Loch Garman Chadwicks Dé Sathairn ar 2.00.
D’fheabhsaigh Aontroim, faoi stiúir, Davy Fitzgerald go mór le linn na sraithe tar éis go raibh tús lag acu agus cúis dóchais é sin do na hUltaigh. Maidir le Loch Garman, bheadh díomá orthu go bhfuair siad ísliú céime go Roinn 1 B de Shraitheanna Iomána Allianz agus bheadh siad ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart le linn na craoibhe ag tosú an deireadh seachtaine seo.
Go gairid ina dhiaidh sin, imreoidh Cill Chainnigh in aghaidh na Gaillimhe ar 3.45 i bPáirc Uí Nualláin UPMC. Bheadh an dá fhathach iomána seo dírithe ar an gcraobh a bhuachan, go háirithe Cill Chainnigh agus iad ag iarraidh an chraobh a bhuachan don séú huair i ndiaidh a chéile. Níl TJ Reid ar fáil do na Cait don chluiche seo de bharr gortaithe ach beidh foireann Derek Lyng dóchasach go bhfuil a ndóthain acu leis an lámh in uachtar a fháil ar na Gaillimhigh.
Maidir le Gaillimh, tá rudaí ag gabháil go maith dóibh ó d’fhill Micheál Donoghue ag an stiúir. Tá atógáil idir lámha aige ó tháinig sé ar ais ach ina ainneoin sin ní bheidh aon rud éasca ag Cill Chainnigh Dé Sathairn. Chríochnaigh an dá fhoireann seo ar shé phointe ag deireadh na sraithe, rud a thugann le fios nach mbeidh ach oiread na fríde idir na foirne seo sa chluiche seo.
Le clabhsúr a chur le Craobh Iomána Laighean an deireadh seachtaine seo imreoidh Áth Cliath in aghaidh Uíbh Fhailí i bPáirc Parnell ar 6.00. D’éirigh le hUíbh Fhailí an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic cúpla mí ó shin sa tsraith ach ní raibh ach an t-aon chúilín amháin ag scaradh na bhfoirne an lá sin. Is cinnte go mbeidh Niall Ó Ceallacháin agus a fhoireann ag iarraidh díoltas a bhaint amach Dé Sathairn ach bí cinnte de go dtabharfadh an toradh sin misneach agus muinín d’iománaithe Uíbh Fhailí ar an lá.
Craobhchomórtas Iomána Chúige Mumhan
Cuirfear tús le Craobhchomórtas Iomána Chúige Mumhan Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh an Clár agus Corcaigh aghaidh ar a chéile os comhair lán an tí i Zimmer Biomet Páirc Chíosóg ar 2.00. Dar ndóigh, tá aithne mhaith ag na foirne seo ar a chéile agus ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne nuair a d’imir siad i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh.
Bheadh Corcaigh an-sásta leis an gcaoi ar imir siad sa tsraith i mbliana agus is cinnte go dtabharfadh an bua a bhí acu sa chluiche ceannais an-mhisneach dóibh agus iad ag iarraidh a ghabháil céim níos faide sa chraobh i mbliana.
Maidir le curaidh na hÉireann, an Clár, is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh tús buacach a chur leis an gcraobh. Aireoidh siad uathu Shane O’Donnell go mór, mar sin féin, agus é amuigh le gortú faoi láthair.
Cuirfear tús spleodrach le Craobh na Mumhan Dé Domhnaigh.
Imreoidh Tiobraid Árann in aghaidh Luimnigh i Staid Semple FBD ina dhiaidh sin ar 4.00. Tá na Tiobradaigh ar thóir a gcéad bhua ar Luimneach i gCraobh na Mumhan ó 2019 i leith. D’éirigh go maith le foireann Liam Cahill sa tsraith agus beidh siad ag súil le tús buacach a chur leis an gcraobh an deireadh seachtaine seo.
Tá Craobh na Mumhan buaite ag Luimneach sé huaire i ndiaidh a chéile agus beidh siad ar a seacht ndícheall ag iarraidh an seachtú ceann a bhuachan i mbliana, ag tosú le bua ar Thiobraid Árann. Beidh John Kiely an-sásta go bhfuil Nickie Quaid ar ais idir na cuaillí do Luimneach, Dé Domhnaigh.
Tá clár lán cluichí againn i gCraobhacha Mhic Dhonncha, Uí Rinn, Mhic Riocaird agus Uí Mheachair an deireadh seachtaine seo
Craobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha
Cuirfear tús le Craobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha Dé Sathairn ar 2.00 nuair a thabharfaidh Cill Dara agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Connladh Cedral. Go gairid ina dhiaidh sin, imreoidh Ceatharlach agus an Dún in aghaidh a chéile i bPáirc Uí Chuilinn Netwatch. Tabharfaidh Laois agus an Iarmhí aghaidh ar a chéile ar 3.00 i bPáirc Uí Mhórdha Laois Hire.
Ba iad Ceatharlach a tháinig anuas as Craobhchomórtas Iomána Laighean anuraidh agus is cinnte go mbeidh siad mar a rogha na coitiantachta ag leor, filleadh ar chraobh Laighean an bhliain seo chugainn. Beidh neart le rá ag na foirne eile sa chraobh faoi sin, mar sin féin. Tháinig Cill Dara aníos as Craobh Chorn Chríostóir Uí Rinn agus is cinnte go mbeidh na lilí ag iarraidh a n-áit a dhaingniú i gCraobh Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana.
Craobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn
I gCraobhchomórtas Uí Rinn an deireadh seachtaine seo beidh Cill Mhantáin, Doire agus Londain ag iarraidh cur leis na buanna a fuair siad ar Thír Eoghain, ar Dhún na nGall agus ar an Mí sa chéad bhabhta an tseachtain seo caite.
Imreoidh Cill Mhantáin in aghaidh Dhún na nGall i Leitir Ceanainn agus imreoidh an Mhí in aghaidh Thír Eoghain i mBaile Átha Troim Dé Sathairn. Is cinnte go mbeidh brú ar Dhún na nGall, ar an Mí agus ar Thír Eoghain a gcéad phointí craoibhe a bhaint amach.
Imreoidh Londain in aghaidh Dhoire i bPáirc Mhig Shamhráin, Ruislip, Dé Domhnaigh agus beidh an dá fhoireann ag iarraidh cur leis an tús buacach a bhí acu leis an gcraobh.
Craobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird
Imreoidh Sligeach in aghaidh Ros Comáin agus imreoidh Ard Mhacha in aghaidh Mhaigh Eo, Dé Sathairn. Imreoidh Lú in aghaidh Fhear Manach Dé Domhnaigh.
Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair tá Sligeach, Ard Mhacha agus Maigh Eo ar bharr an ghrúpa le dhá phointe. Tá Lú, Fear Manach agus Ros Comáin fós ar thóir a gcéad phointí tar éis an chéad bhabhta den chraobh.
Craobhchomórtas Chorn Uí Mheachair
Imreofar trí chluiche i gCraobh Labhraí Uí Meachair Dé Sathairn – Liatroim in aghaidh Lancaisír, An Longfort in aghaidh Warwickshire agus an Cabhán in aghaidh Mhuineacháin.
Tar éis an chéad bhabhta den chraobh tá an Longfort, an Cabhán agus Muineachán ar bharr na craoibhe le dhá phointe agus tá Liatroim, Lancaisír agus Warwickshire ag lorg a gcéad phointí craoibhe i gcónaí.
Cluichí dheireadh na seachtaine
Craobh Iomána Laighean – Babhta 1
Dé Sathairn
Loch Garman agus Aontroim, Páirc Loch Garman, 2.00
Cill Chainnigh agus Gaillimh, Páirc Uí Nualláin UPMC, 3.45, RTÉ
Áth Cliath agus Uíbh Fhailí, Páirc Parnell, 6.00in
Craobh Iomána na Mumhan – Babhta 1
Dé Domhnaigh
An Clár agus Corcaigh, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 2.00, RTÉ
Tiobraid Árann agus Luimneach, Staid Semple FBD, 4.00, GAA+
Craobhchomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha – Babhta 1
Dé Sathairn
Ceatharlach agus An Dún, Páirc Uí Chuilinn Netwatch, 2.30
Cill Dara agus Ciarraí, Páirc Naomh Connladh Cedral, 2.00
Laois agus An Iarmhí, Páirc Uí Mhórdha Laois Hire, 3.00
Craobhchomórtas Chorn Chríostóir Uí Rinn – Babhta 2
Dé Sathairn
Dún na nGall agus Cill Mhantáin, Leitir Ceanainn, 2.00
An Mhí agus Tír Eoghain, Áth Troim, 3.00
Dé Domhnaigh
Londain agus Doire, Páirc Mhig Shamhráin, 12.30
Craobhchomórtas Niocláis Mhic Riocaird – Babhta 2
Dé Sathairn
Sligeach agus Ros Comáin, Páirc Markievicz, 2.00
Ard Mhacha agus Maigh Eo, An Pháirc Lúthchleasa BOX-IT, 2.00
Dé Domhnaigh
Lú agus Fear Manach, Dún Dealgan, 2.00
Craobhchomórtas Labhráis Uí Mheachair – Babhta 2
Dé Sathairn
Liatroim agus Lancaisír, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers, 12.00
An Longfort agus Warwickshire, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers, 2.00
An Cabhán agus Muineachán, Páirc Bhreifne Kingspan, 3.00