Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cláraigh do Chlub le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le linn 2019

Baill ón gclub An Caisleán Glas – Sperrin Óg i gcontae Thír Eoghain ag glacadh le bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha

Baill ón gclub An Caisleán Glas – Sperrin Óg i gcontae Thír Eoghain ag glacadh le bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha

Is scéim tacaíochta de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus Ghlór na nGael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Cuireann clubanna fud fad na tíre an Ghaeilge chun cinn ina gclubanna gan aon aitheantas. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná aitheantas a thabhairt don obair sin, agus deis a thabhairt do chlubanna forbairt a dhéanamh ar an obair sin, ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Tá treoir agus moltaí ar fáil don scéim seo ach teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Forbartha Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Jamie Ó Tuama, jamie.otuama@gaa.ie nó le Glór na nGael ar eolas@glornangael.ie.

Mar chuid den fhondúireacht seo, freisin, tá ciste miondeontas ann le cabhrú le clubanna imeachtaí Gaeilge a eagrú ina gcuid clubanna. Cuirtear na cistí seo ar fáil ag amantaí éagsúla le linn na bliana. Bronntar boinn chré-umha, airgid agus óir ar chlubanna ag deireadh na bliana – ag brath ar an líon spriocanna a leagtar síos san Fhondúireacht a bhaineann clubanna amach.

Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaoil. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach i gCumann Lúthchleas Gael. Mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach, agus ina chathaoirleach, ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.

Is scéim iontach í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a thugann aitheantas cuí do chlubanna ar fud na hÉireann a chuireann an Ghaeilge chun cinn taobh istigh dá gcuid clubanna. Bhí an-rath ar an scéim seo ó bunaíodh í. Go dtí seo, ta 50 club tar éis an bonn cré-umha a bhaint amach, tá 22 club tar éis an bonn airgid a bhaint amach agus tá trí chlub tar éis an bonn óir a bhaint amach. Tá os cionn 120 club tar éis leas a bhaint as an scéim miondeontas atá mar chuid den fhondúireacht agus chabhraigh an t-airgead seo go mór le clubanna imeachtaí Gaeilge a eagrú ina gcuid clubanna.

Seán Ó hÓráin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael

Trí chlárú leis an bhFondúireacht tá do chlub ag tabhairt tiomantais go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn go gníomhach agus go dtabharfar spás lárnach di i saol laethúil an chlub. Tapaigh an deis. Cláraigh leis an bhfondúireacht go beo!

Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg