Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Clasaic Iomána Fenway 2018 Buailte Linn 

Réidh le heitilt chuig Classaic Iomána Fenway

Réidh le heitilt chuig Classaic Iomána Fenway

Le Jamie Ó Tuama

Beidh deis ag muintir Bhoston seaimpíní iomána na hÉireann, Luimneach, a fheiceáil ag imirt i bPáirc Fenway, baile na foirne daorchluiche Boston Red Sox, Dé Domhnaigh seo chugainn, 18 Samhain. Is ann a bheidh siad ag glacadh páirte i gClasaic Iomána Fenway 2018, nó, na Super11s mar is fearr aithne uirthi. Is iad Loch Garman, Corcaigh agus an Clár na foirne eile a ghlacfas páirt i gcomórtas na bliana seo.

Imreoidh Luimneach in aghaidh Loch Garman i gcluiche leathcheannais amháin agus imreoidh an Clár in aghaidh Chorcaí sa chluiche leathcheannais eile. Imreoidh an dá fhoireann bhuacacha in aghaidh a chéile ansin sa chluiche ceannais.

Ní hiad na gnáthrialacha iomána a bhíonn in úsáid sa gcomórtas seo, dar ndóigh. 11 a bhíonn ar gach foireann. Bíonn loca pionóis, nó sin-bin, ann. Níl ach pas amháin láimhe ceadaithe in aon bhabhta imeartha amháin. Bíonn pocanna coirnéil ann. Caitear iarracht a dhéanamh ar scór taobh istigh d’achar ama ar leith agus cúil amháin a aimsítear.

Seo é an tríú bliain den chomórtas seo a bheith ar an bhfód agus níl aon amhras faoi ach go mbeidh na ceithre foirne ag déanamh a seacht ndíchill an comórtas a bhuachan. An Clár a bhuaigh i 2017 é agus d’éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath i 2015 – céad bhliain an chomórtais. D’fhreastail os cionn 27,000 ar an gcomórtas sa dá bhliain sin ar eagraíodh é. Craolfar na cluichí uilig beo ar TG4 ó 5.30pm ar aghaidh Dé Domhnaigh.

Is iad Aer Lingus atá ag déanamh urraíochta ar chlasaic na bliana seo i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann na nImreoirí.