Imreoidh Paudie Clifford agus peileadóirí Chiarraí in aghaidh Chorcaí i Supervalu Páirc Uí Chaoimh tráthnóna
Le Jamie Ó Tuama
Sé chluiche peile ar fad a imreofar i gcraobhacha peile na gcúigí an deireadh seachtaine seo. I measc na gcluichí sin tá Cluichí Leathcheannais Chonnacht agus na Mumhan chomh maith le dhá chluiche ceathrú ceannais i gcraobh Uladh.
Craobhchomórtas Peile na Mumhan
An Clár agus Tiobraid Árann
Cuirfear tús le spraoi dheireadh na seachtaine nuair a thabharfaidh an Clár agus Tiobraid Árann aghaidh ar a chéile i Zimmer Biomet Páirc Chíosóg i gCluiche Leathcheannais Chraobh na Mumhan inniu ar 2.00.
Bhí trí chúilín le spáráil ag na Tiobradaigh ar Phort Láirge sa chluiche ceathrú ceannais agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh cur leis an taispeántas sin inniu. Má tá siad leis an gceann is fearr a fháil ar an gClár inniu beidh siad ag brath ar Steven O’Brien le haghaidh a gcuid scóranna. 1-08 ar fad a d’aimsigh sé in aghaidh Phort Láirge.
Maidir leis na gClár, is é seo an chéad chluiche a bheidh acu sa chraobh i mbliana. Bhí sraith mhaith acu agus chríochnaigh siad sa tríú háit i Roinn 3 agus bhí mí-ádh orthu nár éirigh leo ardú céime a fháil. Beidh siad ag brath ar leithéidí Emmet McMahon agus Eoin Cleary má tá siad leis an mbeart a dhéanamh inniu.
Corcaigh agus Ciarraí
Imreoidh Corcaigh in aghaidh Chiarraí sa chluiche leathcheannais eile Dé Sathairn i Supervalu Páirc Uí Chaoimh ar 6.00. Cé go raibh drochthús ag Ciarraí leis an tsraith, is ó neart go neart atá siad ag gabháil ó shin agus bhuaigh siad an tsraith féin sa deireadh thiar. Beidh siad ag súil le taispeántais mhóra ó mhuintir Uí Chlúmháin má tá siad chun an bua a fháil inniu.
Maidir le Corcaigh, beidh siad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic don chéad uair ó 2020 i leith. Bhí bua 11 cúilín acu ar Luimneach sa chluiche ceathrú ceannais agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh cur leis an taispeántas sin inniu. Beidh siad ag brath ar Brian O’Driscoll agus ar Mark Cronin má tá siad leis an mbeart a dhéanamh.
Craobhchomórtas Peile Chonnacht
Liatroim agus Maigh Eo
Imreoidh Liatroim in aghaidh Mhaigh Eo inniu ar 4.30 i bPáirc Seán Mac Diarmada i gCluiche Leathcheannais Peile Chonnacht. Seo an chéad chluiche craoibhe a bhí ag Liatroim i mbliana agus beidh siad ag súil le dul chun cinn a dhéanamh tar éis na ndeacrachtaí a bhí acu sa tsraith níos túisce sa bhliain.
Maidir le Maigh Eo, bhí bua trí chúilín acu ar Shligeach sa chluiche ceathrú ceannais agus beidh siad ag iarraidh taispeántas níos fearr a thabhairt inniu. Beidh jab an-deacair ag cúlaithe Liatroma Aidan O’Shea agus Ryan O’Donoghue a choinneáil ciúin ach is cinnte go mbeidh go leor pleanála déanta ag Steven Poacher don bheirt.
Ros Comáin agus Gaillimh
Imreoidh Ros Comáin in aghaidh na Gaillimhe sa chluiche leathcheannais eile i bPáirc de hÍde ar 4.00, Dé Domhnaigh. Bhí bua cuimsitheach ag an dá fhoireann seo ar a gcéilí comhraic sna cluichí ceathrú ceannais, Londain agus Nua-Eabhrac, ach is cinnte nach mbeidh aon rud éasca le fáil acu sa chluiche seo inniu.
Ní bheidh Shane Walsh ar fáil do Ghaillimh amárach agus ainmníodh Damien Comer ar an mbinse. Má tá Ros Comáin in ann an liathróid a chur isteach chuig an líne lántosaigh d’fhéadfaidís go leor damáiste a dhéanamh agus tuigfidh Pádraic Joyce go maith é sin.
Tá Michael Murphy ar ais do Dhún na nGall i gCraobh Uladh in aghaidh Mhuineacháin amárach
Craobhchomórtas Peile Uladh
Fear Manach agus An Dún
Imreoidh Fear Manach in aghaidh an Dúin i gCluiche Ceathrú Ceannais Uladh inniu i bPáirc Brewster ar 4.00. Bhí mí-ádh ar an Dún sa tsraith agus fuair siad ísliú céime go Roinn 3. Beidh siad ar a seacht ndícheall ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh i mbliana mar chúiteamh air sin.
Maidir le Fear Manach, bíonn sé deacair an ceann is fearr a fháil orthu i gcónaí i bPáirc Brewster. Má tá siad in ann an bhagairt scórála a thagann ó Pat Havern a choinneáil faoi smacht beidh seans acu.
Muineachán agus Dún na nGall
Imreoidh Muineachán agus Dún na nGall in aghaidh a chéile sa chluiche leathcheannais eile i gcúige Uladh i gCluain Eois ar 2.00 Dé Domhnaigh. Fíric shuimiúil gurb iad Muineachán an t-aon fhoireann leis an gceann is fearr a fháil ar fhoireann a bhí á bhainistiú ag Jim McGuinness i gcraobh Uladh agus is cinnte nach mbeidh mórán idir na foirne arís Dé Domhnaigh.
Tá Dún na nGall mar rogha na coitiantachta ag go leor don Chraobh Uile-Éireann i mbliana agus beidh siad ag iarraidh cur leis an taispeántas maith a thug siad in aghaidh Dhoire coicís ó shin.
Thabharfadh an bua a bhí ag Muineachán i gCluiche Ceannais Roinn 2 na Sraithe an-mhisneach do Mhuineachán agus ní bheidh aon fhaitíos orthu roimh a gcéilí comhraic.
Cluichí Peile Dheireadh na Seachtaine
Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile na Mumhan
Dé Sathairn
An Clár agus Tiobraid Árainn, Zimmer Biomet Páirc Chíosóg, 2.00
Corcaigh agus Ciarraí, Supervalu Páirc Uí Chaoimh, 7.00, GAA+
Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile Uladh
Dé Sathairn
Fear Manach agus an Dún, Páirc Brewster, 4.00, BBC
Dé Domhnaigh
Muineachán agus Dún na nGall, Cluain Eois, 2.00, GAA+
Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Chonnacht
Dé Sathairn
Liatroim agus Maigh Eo, Páirc Seán Mac Diarmada 4.30, GAA+
Dé Domhnaigh
Ros Comáin agus Gaillimh, Páirc de hÍde 4.00, RTÉ