Corn Cuimhneacháin Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh Nochta ag Allianz agus ag CLG roimh Chluichí Ceannais Shraitheanna Peile Allianz
Agus Maigh Eo agus Ciarraí ag réiteach le himirt in aghaidh a chéile i gCluiche Ceannais Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz an deireadh seachtaine seo, tá an corn nua, a bheidh le bronnadh don chéad uair ar bhuaiteoirí Roinn 1 Dé Domhnaigh, nochta ag CLG agus ag Allianz.
Beidh bliain imithe i mí an Mheithimh ó cailleadh Mícheál. Ba in onóir agus i gcuimhne na pearsa móire seo de chuid CLG, a chuir beocht sa dráma, sa phaisean agus sna sceitimíní a bhaineann leis na cluichí Gaelacha i gcónaí agus a chinntigh nach ndéanfadh na glúnta daoine a leanann ár gcluichí dearmad ar na cluichí a imríodh, a nochtadh Corn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh inniu.
Agus é ag labhairt roimh Chluichí Ceannais Peile Allianz an deireadh seachtaine seo ag ócáid nochta Chorn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh inniu, dúirt Geoff Sparling, Príomh-Oifigeach Custaiméirí Allianz:
‘Mar urraitheoirí ar Shraitheanna Allianz le hos cionn 30 bliain, is ócáid speisialta í ócáid an lae inniu sa pháirtnéireacht fhadbhunaithe atá againn le CLG agus is páirtnéireacht í a bhfuil muid an-bhródúil aisti. Seoid náisiúnta a bhí i Mícheál Ó Muircheartaigh a sháraigh na glúnta. Bhí a ghlór mar fhuaimrian don iliomad buaicphointí agus bhí an paisean a bhí aige do na cluichí Gaelacha le mothú i ngach focal a labhair sé.
‘Mar urraitheoirí bródúla, tá ríméid orainn tacú le seoladh an choirn nua seo i gcuimhne ar Mhícheál, rud a chinnteoidh go gcoinneoidh a oidhreacht ag spreagadh na nglúnta imreoirí agus daoine a leanann na cluichí san am atá le teacht. Rud speisialta a bheidh i gCorn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh a bhuachan don chéad uair agus beidh Roinn 1 de Shraitheanna Peile Allianz níos speisialta ná riamh dá bharr. Go n-éirí an t-ádh le Maigh Eo agus le Ciarraí Dé Domhnaigh agus, dar ndóigh, le gach duine a bheidh san iomaíocht sna cluichí ceannais uilig le linn dheireadh na seachtaine.’
Tá céad bliain bainte amach ag na Sraitheanna Náisiúnta Peile agus Iomána ar fhéilire CLG i mbliana. Cuireadh deireadh leis na chéad chomórtais, a thosaigh i mí Dheireadh Fómhair 1925, i bhfómhar 2026, agus ba iad Laois sa pheil agus Corcaigh san iomáint, a bhuaigh na comórtais sin tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath sa dá chluiche ceannais. Ba é an New Ireland Cup an chéad chorn a bronnadh ar bhuaiteoirí na sraithe peile agus bronnadh é den chéad uair ar Chiarraí sa bhliain 1929.
Corn é Corn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh atá déanta as airgead steirling saincheaptha, a rinne John J Cooke & Co. Ltd, a bhfuil bonn macasamhlach de chuid Shraith Peile Allianz chun tosaigh air leis an inscríbhinn Corn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh - bronnta ar bhuaiteoirí Roinn 1 de Shraith Náisiúnta Peile CLG greanta air.
Ag labhairt dó ag seoladh Allianz an lae inniu, freisin, dúirt Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin:
‘Is mór an phribhléid dom fáiltiú roimh an gcorn úr seo – Corn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh. Corn iontach atá ann a thugann ómós síoraí do dhuine de na hAmbasadóirí cultúir is mó a bhí againn in Éirinn riamh. Chaith Mícheál a shaol ar mhaithe leis na cluichí Gaelacha agus d’úsáid sé a chuid tráchtaireachta sainiúla le soiscéal ár gcuid cluichí a chraobhscaoileadh ar fud an domhain.
‘Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt dár gcuid cairde in Allianz as an ról inspioráideach a d’imir siad maidir leis an chorn seo a chur ar fáil. Téann an urraíocht agus an tacaíocht a chuireann Allianz ar fáil do CLG níos faide siar ná urraíocht ar bith eile a dhéantar ar ár gcuid cluichí agus is corn é seo atá cuí agus oiriúnach don chomórtas iontach seo, Roinn 1 de Shraith Peile Allianz, ina mbíonn plúr na bhfoirne peile san iomaíocht inti.’
Imreofar na cluichí deireanacha i Sraitheanna Peile Allianz an deireadh seachtaine seo. Tabharfaidh Maigh Eo aghaidh ar Chiarraí i gCluiche Ceannais Roinn 1 ar 4.00in Dé Domhnaigh. Imreoidh Muineachán in aghaidh Ros Comáin i gCluiche Ceannais Roinn 2 ar 7.15 Dé Sathairn. Imreoidh Cill Dara in aghaidh Uíbh Fhailí Dé Domhnaigh i gCluiche Ceannais Roinn 3 agus imreoidh Loch Garman in aghaidh Luimnigh i gCluiche Ceannais Roinn 4 ar 5.00in Dé Sathairn.
Tá tacaíocht mhór á tabhairt ag Allianz do CLG le hos cionn 30 bliain. Foghlaim tuilleadh faoi urraíocht Allianz ar Shraitheanna Allianz anseo: www.allianz.ie.