Shane O'Brien, Naomh Jude, ag ní a chuid lámha
Cuireadh tús le Craobh Shinsir Iomána Átha Cliath agus imríodh ocht gcinn ar fad de chluichí an deireadh seachtaine seo caite. In ainneoin go raibh srian ar lucht féachana agus nach raibh ceadaithe ag na cluichí ach 200, bhí ríméad ar lucht iomána i mBaile Átha Cliath go raibh cluichí iomaíocha craoibhe ar ais an athuair.
Ba i ngrúpa 3 a bhí plúr na gcluichí. Chríochnaigh Fág an Bealach agus Naomh Jude cothrom ar scór 1-18 go dtí 1-18. Cúilín deireanach istigh in am cúitimh gortaithe ó Danny Sutcliffe a chinntigh an comhscór do Naomh Jude tar éis do Chris Bennett cúl a aimsiú do Fhág an Bealach lena gcur cúilín chun tosaigh. I measc na n-imreoirí is mó a d’imir tionchar ar an gcluiche bhí Carl O’ Mahony a d’aimsigh 0-11 do Fhág an Bealach agus Sutcliffe féin a d’aimsigh 0-12 do Naomh Jude. Fuair Naomh Bríd an ceann is fearr ar Fhionnbhrú Colmcille sa chluiche eile i ngrúpa 3 ar scór 1-18 go dtí 0-06.
Bhí buanna compordacha ag Naomh Uinsionn ar Naomh Oilibhéar Pluincéad-Eoghan Rua agus ag Sáirséalaigh Leamhcáin ar Naomh Eoin, Baile an tSaoir, i ngrúpa 1 den chraobh.
Bhí farrasbarr 10 gcúilín ag Craobh Chiaráin ar Scoil Uí Chonaill i nGrúpa 2 agus bhí 4-02 le sparáil ag Cill Mochuda Na Crócaigh ar Bhaile Buadáin Naomh Éanna i gcluiche mór an deireadh seachtaine. D’aimsigh Oisín O’Rorke 0-07, Ronan Hayes 2-00 agus Marc Howard 1-02 do na Crócaigh agus chríochnaigh Paul Ryan an cluiche le 0-06 do Bhaile Buadáin.
I ngrúpa 4 bhí 1-07 le sparáil ag Cuala ar Thomás Dáibhís agus d’éirigh leis na Fianna scór ard a chur suas in aghaidh a gcomharsan Setanta. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 5-32 go dtí 1-16.
Imreofar an chéad bhabhta eile cluichí i gCraobh Iomána Átha Cliath Dé Céadaoin, 29 Iúil.
Torthaí ó Chraobh Shinsir Iomána Átha Cliath
Grúpa 1
Naomh Uinsionn 2-21 Naomh Oilbhéar Pluincéad-Eoghan Rua 1-16
Sáirséalaigh Leamhcáin 2-18 Naomh Eoin, Baile an tSaoir 1-14
Grúpa 2
Craobh Chiaráin 1-19 Scoil Uí Chonaill 1-09
Cill Mochuda Na Crócaigh 4-18 Baile Buadáin Naomh Éanna 0-16
Grúpa 3
Naomh Bríd 1-18 Fionnbhrú Colmcille 0-06
Fág an Bealach 1-18 Naomh Jude 1-18
Grúpa 4
Cuala 1-22 Tomás Dáibhís 0-15
Na Fianna 5-32 Setanta 1-16