Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Craobhchomórtais Peile na gCúigí faoi sheol

1-04 a d'aimsigh Daire Ó Baoill do Dhún na nGall in aghaidh Dhoire Dé Domhnaigh i gCraobh Peile Uladh

1-04 a d'aimsigh Daire Ó Baoill do Dhún na nGall in aghaidh Dhoire Dé Domhnaigh i gCraobh Peile Uladh

Le Jamie Ó Tuama

Agus díreach mar sin, bhí Craobhchomórtais Peile na gCúigí faoi sheol!

Bhí deireadh seachtaine mór ann sna craobhchomórtais peile le cluichí ar siúl ar fud na tíre. Caitheann muid súil siar anseo ar scléip dheireadh na seachtaine.

Craobh Peile Chonnacht

Ba iad Ros Comáin agus Londain a chuir tús le craobhchomórtais na bliana seo i bPáirc Mhic Shamhráin, Londain, áit a bhfuair Ros Comáin an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic. Bhí dhá chluiche eile ar siúl i gCraobh Peile Chonnacht ar an deireadh seachtaine, freisin, agus bhí buanna ag Maigh Eo ar Shligeach agus ag Gaillimh ar Nua-Eabhrac i bPáirc na nGael, Nua-Eabhrac.

Cé nach raibh ach an t-aon chúl amháin ag scaradh na bhfoirne sa chluiche idir Ros Comáin agus Londain ag leath ama, bhí foireann Davy Burke róláidir dá gcuid céilí comhraic sa dara leath. Bhí bua 19 cúilín acu sa deireadh. 1-05 ar fad a d’aimsigh Ciarán Murtagh do na Rosaithe agus d’aimsigh Ben O’Carroll 0-07. 0-04 a d’aimsigh Shay Rafter don fhoireann baile agus scríobhadh mír nua i stair na gcluichí nuair a d’éirigh le Liam Gallagher an chéad scór dhá phointe a aimsiú riamh i gcluiche craoibhe. Chríochnaigh an cluiche ar scór 2-26 go dtí 0-13.

I bPáirc Mhic Éil, Dé Domhnaigh, bhí trí chúilín le spáráil ag Maigh Eo ar Shligeach. Bhí seacht gcúilín idir na foirne agus gan ach dornán nóiméad fágtha, ach chríochnaigh Sligeach go láidir le cuma níos fearr a chur ar chlár na scór. D’aimsigh Ryan O’Donoghue 1-04 ar fad do Mhaigh Eo agus chríochnaigh Aidan O’Shea an lá le 1-02. Ba ar Niall Murphy agus ar Alan McLoughlin a bhí foireann Tony McEntee ag brath le haghaidh scóranna Shligigh. Chríochnaigh Murphy le 0-07 agus chríochnaigh McLoughlin le 0-05.

Ba i bPáirc na nGael, Nua-Eabhrac, a d’imir Nua-Eabhrac in aghaidh na Gaillimhe. Thug an fhoireann baile an-taispeántas sa chéad leath agus ní raibh ag scaradh na bhfoirne ag leath ama ach trí chúilín. Tháinig na Gaillimhigh amach an-láidir sa dara leath, mar sin féin, agus chríochnaigh siad an cluiche an-láidir. Bhí 17 cúilín ar fad idir na foirne nuair a séideadh an fhead dheiridh. Bheadh Pádraic Joyce an-sásta leis an réimse leathan imreoirí a d’aimsigh scóranna na Gaillimhe – ceathrar déag ar fad. Chríochnaigh Matthew Tierney an cluiche le 2-04 do na Gaillimhigh agus chríochnaigh Robert Finnerty le 0-06. Thug Frank O’Reilly sárthaispeántas do Nua-Eabhrac agus chríochnaigh sé le 0-07. D’aimsigh Jack Robinson 0-05 don fhoireann baile, freisin.

Thug Nua-Eabhrac agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i gCraobh Peile Chonnacht i bPáirc na nGael, Nua-Eabhrac, aréir

Thug Nua-Eabhrac agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i gCraobh Peile Chonnacht i bPáirc na nGael, Nua-Eabhrac, aréir

Craobh Peile Laighean

Bhí buanna ag Laois ar Loch Garman, ag an Mí ar Cheatharlach agus bhí am breise ag teastáil ó Chill Mhantáin leis an gceann is fearr a fháil ar an Longfort i bPáirc an Phiarsaigh Glennon Brothers i gCraobh Laighean.

Deich gcúilín ar fad a bhí le spáráil ag Laois ar Loch Garman nuair a chríochnaigh an cluiche ar scór 2-21 go dtí 2-11 i bPáirc Loch Garman Chadwicks. Bhí Laois chun tosaigh ar scór 2-12 go dtí 0-06 ag leath ama ach choinnigh na Carmanaigh orthu le cuma níos fearr a chur ar chlár na scór. Ina measc siúd a sheas amach do Laois bhí Mark Barry agus Ronan Coffey a d’aimsigh 0-07 agus 0-06 d’fhoireann Justin McNulty. Chríochnaigh Mark Rossiter le 0-05 d’fhoireann Seán Hegarty.

Bhí an Mhí róláidir do Cheatharlach agus bhí bua cuimsitheach ag foireann Robbie Brennan i bPáirc Tailteann, Dé Domhnaigh. Ina measc siúd a sheas amach don Mhí, bhí Ruairí Kinsella le 1-05 agus Eoghan Frayne le 0-07. D’aimsigh Conor Doyle 0-05 agus Kevin Murphy 0-04 do Cheatharlach. Chríochnaigh na foirne ar scór 1-30 go dtí 0-19.

Bhí am breise ag teastáil ó Chill Mhantáin leis an gceann is fearr a fháil ar an Longfort. Bhí na foirne cothrom ar scór 1-15 go dtí 1-15 tar éis 70 nóiméad ach tháinig Cill Mhantáin amach go láidir in am breise chun an beart a dhéanamh. D’aimsigh Kevin Quinn 1-05 agus d’aimsigh Oisín McGraynor 0-07 do Chill Mhantáin. Fuair Matthew Carey 0-07 don Longfort. Scór deiridh: 2-23 go dtí 1-20.

Craobh Peile na Mumhan

Bhí dhá chluiche i gCraobh na Mumhan Dé Sathairn. D’éirigh le Tiobraid Árann an ceann is fearr a fháil ar Phort Láirge agus fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Luimneach.

Ní raibh ach trí chúilín le spáráil ag na Tiobradaigh ar na Déisigh. Bhí sárchluiche ag Steven O’Brien agus chríochnaigh sé an lá le 1-08 do Thiobraid Árann. Ba iad Jason Curry le 0-06 agus Alan Dunwoody le 1-02 a bhí ar thús cadhnaíochta ar chlár na scór do Phort Láirge. Chríochnaigh an cluiche ar scór 1-22 go dtí 1-19.

D’imir Corcaigh agus Luimneach in aghaidh a chéile i bPáirc na nGael TUS an tráthnóna céanna agus bhí lá compordach ag na Corcaígh. Sheas Brian O’Driscoll agus Mark Cronin amach le 0-06 an duine do Chorcaigh agus bhí James Naughton dainséarach arís eile do Luimneach le 0-07. An scór deiridh: Corcaigh 0-24 Luimneach 0-13.

Craobh Peile Uladh

Cuireadh tús le Craobh Peile Uladh Dé Domhnaigh nuair a thug Dún na nGall agus Doire aghaidh ar a chéile i bPáirc Sheáin Mhic Cumhaill i mBaile Féich os comhair slua de 15,023 i réamhbhabhta Chraobh Peile Uladh. Ba ag foireann Jimmy McGuinness a bhí an lá nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic ar scór 1-25 go dtí 1-15. Aon duine dhéag ar fad a chláraigh scóranna do na Conallaigh agus is cinnte go dtabharfadh sé sin sásamh do McGuinness agus d’fhoireann bhainistíochta Dhún na nGall. D’aimsigh Daire Ó Baoill 1-04 agus d’aimsigh Patrick McBrearty 0-07 do Dhún na nGall agus bhí Brendan Rogers chun tosaigh ar chlár na scór do Dhoire le 0-05.

Na himreoirí leis an líon is mó scóranna i gCraobhchomórtais 2025

Stephen O’Brien, Tiobraid Árann 1-08

Matthew Tierney, Gaillimh 2-04

Kevin Quinn, Cill Mhantáin, 1-05

Ruairí Kinsella, An Mhí, 1-05

Ciarán Murtagh, Ros Comáin, 1-05