Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Cruth ag teacht ar Chraobhchomórtais Peile Uladh agus Laighean

Bhí tionchar nach beag ag Oisín O'Neill ar bhua Ard Mhacha ar Aontroim i gCluiche Ceathrú Ceannais Peile Chúige Uladh

Bhí tionchar nach beag ag Oisín O'Neill ar bhua Ard Mhacha ar Aontroim i gCluiche Ceathrú Ceannais Peile Chúige Uladh

Le Jamie Ó Tuama

Cuireadh tús le scléip dheireadh na seachtaine i gcluichí ceathrú ceannais na gcúigí le hArd Mhacha agus Aontroim i bPáirc Uí Chorragáin, Dé Sathairn. Ba iad curaidh na hÉireann, Ard Mhacha, a bhí mar rogha na coitiantachta agus bhíothas ag súil go mbeadh bua réasúnta compordach ag foireann Keiran McGeeney. Ní mar a shíltear a bhítear, mar sin féin, agus bheadh Aontroim sásta leis an gcaoi ar imir siad. Is cinnte go n-úsáidfidh Andy McEntee an taispeántas seo lena chuid imreoirí a ghríosadh agus iad ag tabhairt aghaidhe ar Chraobhchomórtas Chorn Tailteann sna míonna amach romhainn.

Maidir leis na gcluiche féin, in ainneoin go raibh 11 cúilín idir na foirne ag an bhfead dheiridh ní insíonn sé sin an scéal ceart. Bhí na foirne gob ar ghob don chuid is mó den chluiche. Ba iad an fhoireann baile, Aontroim, a bhí chun tosaigh ag an mbriseadh ar scór 0-14 go dtí 0-13 agus d’fhéadfadh níos mó a bheith idir na foirne murach sábháil iontach Blaine Hughes, a tháinig isteach in áit Ethan Rafferty tar éis dó cárta dubh a fháil, ó chic éirice Kavan Keenan.

Tháinig Oisín O’Neill isteach d’Ard Mhacha sa dara leath agus bhí tionchar mór aige ar an gcluiche. D’aimsigh sé trí chic dhá phointe agus chabhraigh sé sin le hArd Mhacha greim a fháil ar an gcluiche. Bhí Rory Grugan chun tosaigh ar chlár na scór d’Ard Mhacha le 0-08. D’aimsigh Patrick McBride 0-09 agus Ryan McQuillan 1-05 d’Aontroim. Scór deiridh: Ard Mhacha 1-34 Aontroim 1-23.

D’imir Tír Eoghain agus an Cabhán in aghaidh a chéile sa chluiche ceathrú ceannais eile a imríodh i bPáirc Bhreifne Kingspan. Athimirt a bhí anseo ar chluiche na bliana seo caite nuair a thóg sé am breise ar Thír Eoghain leis an gceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic. Bua seacht gcúilín a bhí ag Tír Eoghain an iarraidh seo, mar sin féin, agus bhí siad róláidir don Chabhán. 13 duine ar fad a d’aimsigh scóranna d’fhoireann Malachy O’Rourke agus ábhar mór sásaimh é sin don fhoireann bhainistíochta, dar ndóigh. Chríochnaigh Darren McCurry le 0-07 do Thír Eoghain agus ba é Dara McVeety is mó a choinnigh clár na scór ag bogadh don Chabhán. D’aimsigh sé 0-08 ar fad. Scór deiridh: Tír Eoghain 1-24 An Cabhán 0-20.

Maidir le craobh peile chúige Laighean bhí buanna ag Cill Dara, Áth Cliath, an Mhí agus ag Lú ar an Iarmhí, Cill Mhantáin, Uíbh Fhailí agus ar Laois.

Thug Cill Dara agus an Iarmhí aghaidh ar a chéile i bPáirc Naomh Connladh Cedral. N í raibh ach oiread na fríde idir na foirne agus bhí siad gob ar ghob ar chlár na scór ó thús go deireadh an chluiche. Bhí an Iarmhí chun tosaigh ar scór 0-12 go dtí 1-08 ag leath ama agus bhí siad chun tosaigh go dtí an 50ú nóiméad nuair a bhuail David Hyland pas ó Ben McCormack go cúl na heangaí lena dhorn. D’éirigh le Cill Dara fanacht chun tosaigh go deireadh an chluiche.

Alex Berine a fuair an cúl eile do Chill Dara agus chríochnaigh sé an cluiche le 1-05 sna iomlán. D’aimsigh Luke Loughlin 0-11 don Iarmhí. Scór deiridh: Cill Dara 2-17 An Iarmhí 0-21.

Chríochnaigh captaen nua Átha Cliath, Con O'Callaghan, le 1-07 in aghaidh Chill Mhantáin

Chríochnaigh captaen nua Átha Cliath, Con O'Callaghan, le 1-07 in aghaidh Chill Mhantáin

D’éirigh leis an Mí an ceann is fearr ar fháil ar Uíbh Fhailí i bPáirc Tailteann, ach diabhal mórán a chreidfeadh gurbh amhlaidh a bheadh nuair a chuaigh Uíbh Fhailí isteach chun tosaigh ag leath ama ar scór 0-15 go dtí 0-05. Bhí meon an-difriúil ag an bhfoireann baile sa dara leath, mar sin féin, agus d’úsáid siad an ghaoth chun a leasa le go leor scóranna dhá phointe a aimsiú lena dtarraingt ar ais sa chluiche. Tháinig na scóranna dhá phointe sin ó Matthew Costello, a chríochnaigh le 0-09, ó Conor Duke, ó Eoghan Frayne, ó Jack Flynn agus ó Billy Hogan.

Ní bheadh Uíbh Fhailí róshásta leis an taispeántas dara leithe a thug siad agus beidh siad ar a seacht ndícheall a leithéid a chur ina cheart nuair a chuirfidh siad tús lena gcluichí i gCraobhchomórtas Chorn Tailteann an mhí seo chugainn. D’aimsigh Keith O’Neill 0-06 d’Uíbh Fhailí agus d’aimsigh Paddy Dunican 0-05. Scór deiridh: An Mhí 1-25 Uíbh Fhailí 0-21

Bhí tús buacach ag Áth Cliath leis an gcraobh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Mhantáin in Eachroim. Cé go raibh naoi gcúilín ag scaradh na bhfoirne sa deireadh ní inseacht chruinn é sin ar an gcluiche seo. Murach scóranna deireanach sa chluiche ó Áth Cliath agus cúpla seans a chuir Cill Mhantáin amú d’fhéadfadh an bhearna a bheith i bhfad níos lú. D’aimsigh captaen nua Átha Cliath, Con O’Callaghan, 1-07 d’Áth Cliath. Chríochnaigh Oisín McGraynor le 0-05 do Chill Mhantáin. Scór deiridh: Áth Cliath 2-21 Cill Mhantáin 0-18

Bhí bua cúig chúilín ag Lú ar Laois sa chluiche ceathrú ceannais eile a imríodh i gcúige Laighean. Bhí na foirne gob ar ghob don chuid is mó den chluiche ach chríochnaigh Lú láidir lena n-áit a dheimhniú sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chill Dara. D’aimsigh Ryan Burns 1-04 agus Ciarán Byrne 1-03 do Lú agus ba é Mark Barry ba mhó a choinnigh clár na scór ag bogadh do Laois le 0-08. Scór deiridh: Lú 2-16 Laois 0-17.

Torthaí dheireadh na seachtaine

Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Uladh

Ard Mhacha 1-34 Antroim 1-23

Tír Eoghain 1-24 An Cabhán 0-20

Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobh Laighean

Cill Dara 2-17 An Iarmhí 0-21

Áth Cliath 2-21 Cill Mhantáin 0-18

An Mhí 1-25 Uíbh Fhailí 0-21

Lú 2-16 Laois 0-17