Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cuaille mhí Mheán Fómhair ar fáil anois

Cuaille Mhí Mheán Fómhair 2024

Cuaille Mhí Mheán Fómhair 2024

Tá eagrán mhí Mheán Fómhair de Chuaille ar fáil anois! I measc na míreanna éagsúla atá le fáil san eagrán is deireanaí seo tá ailt faoi Ambasadóir Gaeilge CLG, Seán O'Shea, súil siar ar Chraobhacha Idirchontae 2024, Ár gCluichí, Ár Laochra, Comórtas Peile na Gaeltachta, Camchuairt Cheolmhar na hÉireann i measc go leor eile.

Chomh maith leis sin, tá crosfhocal, cuardach focal, ’10 gCeist CLG Ort’ agus ailt eile atá feiliúnach do lucht an chúpla focal, d'fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa Gaeilge araon.

Is féidir Cuaille a íoslódáil anseo thíos. Bainigí taitneamh as!