B’as Teampall Doire, contae Thiobraid Árann, do Daniel Carroll. Tháinig sé go Baile Átha Cliath lena dheirfiúr, áfach, tar éis gur cailleadh a thuismitheoirí. Bhí sé ina bhainisteoir ar theach tábhairne Uí Chinnéide i nDroim Conrach agus bhí sé ina chónaí le muintir Uí Chinnéide ar Shráid San Séamas Thoir in Áth Cliath.
Bhí deartháir ag Daniel, Denis, a bhí ag obair i siopa grósaera i Leamhcán, ar imeall Bhaile Átha Cliath, agus bhí deartháir eile aige, Joseph, a bhí ina chónaí i gCarraig na Siúire i gcontae Thiobraid Árann. Throid Joseph sa chéad chogadh domhanda agus bhronn Rialtas na Fraince ‘Croix de Guerre’ air mar aitheantas ar a chrógacht mar phíolóta trodaíochta.
Bhí lá saoire ag Daniel ón obair ar 21 Samhain, 1920, ach shocraigh sé go raibh sé chun an beár a oscailt an lá sin. Le linn dó a bheith sa bheár, thart ar 2.30pm, a shocraigh sé gabháil go Páirc an Chrócaigh le breathnú ar an gcluiche idir Áth Cliath agus a chontae dúcháis, Tiobraid Árann.
Nuair a thosaigh an scaoileadh, thart ar cheathrú uaire isteach sa chluiche, d’éirigh le Daniel éalú as Páirc an Chrócaigh ach scaoileadh é sa chos agus é ar a bhealach suas Sráid an Ruiséalaigh taobh amuigh den staid.
Ba in Ospidéal Shráid Jervis a chaith sé laethanta deiridh a shaoil. Thug muintir Uí Chinnéide, Martin agus a bhean, cuairt air le linn dó a bheith ann. Bhí sé ina luí sa leaba agus bhí urchar tar éis gabháil isteach go cnámh a leise. Bhí sé an-tinn ach glacadh leis go dtiocfadh sé as. Cailleadh é dhá lá ina dhiaidh sin ar 23 Samhain thart ar mheán lae.
Bhí Daniel 31 nuair a maraíodh é ar Dhomhnach na Fola agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon. Cuimhínonn Cumann Lúthchleas Gael air.
Foghlaim tuilleadh faoi Dhomhnach na Fola agus fúthu siúd a maraíodh anseo.