Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cuimhníonn Cumann Lúthchleas Gael ar James Burke

Bhí James Burke i measc 14 a maraíodh ar Dhomhnach na Fola

Bhí James Burke i measc 14 a maraíodh ar Dhomhnach na Fola

Le Jamie Ó Tuama

Bhí James Burke ina chónaí sna Glasáin, gar do Dhún Droma, i mBaile Átha Cliath. Athair agus fear céile a bhí ann a d’oibrigh mar thiománaí veain le Neachtlann Thír an Iúir. 

Ar 21 Samhain, 1920, d’fhág se slán lena bhean chéile agus lena chlann thart ar a dó a chlog le freastal ar an gcluiche idir Áth Cliath agus Tiobraid Árann. Níor tháinig sé abhaile.

Nuair a thosaigh an scaoileadh i bPáirc an Chrócaigh thart ar cheathrú uaire isteach sa chluiche, rinne James iarracht éalú i dtreo Ascaill Naomh Séamas nuair a bascadh chun báis é sa phlód. Bhí ar a bhean chéile, Annie, gabháil chuig Ospidéal Shráid Jervis lena chorp a aithint.

Bhí James 44 nuair a cailleadh é ar Dhomhnach na Fola agus cuireadh i Reilig Naomh Naithí é i nDún Droma. Cuimhníonn Cumann Lúthchleas Gael air 100 bliain níos déanaí.

Foghlaim tuilleadh faoi Dhomhnach na Fola agus fúthu siúd a maraíodh anseo.