Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Cuimhníonn Cumann Lúthchleas Gael ar Jane Boyle

Bhí Jane Boyle 29 nuair a maraíodh í Domhnach na Fola

Bhí Jane Boyle 29 nuair a maraíodh í Domhnach na Fola

Bhí cónaí ar Jane Boyle ar Shráid Lennox, Portobello, i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sí i siopa búistéara Olhausen ar Shráid Thalbóid ag freastal ar chustaiméirí.

Thug Jane cuairt ar Shéipéal Naomh Caoimhín ar Shráid Harrington maidin Dhomnach na Fola. Bhí sí le pósadh ann an Aoine ina dhiaidh sin. Chuaigh sí féin agus an fear a raibh sí geallta dó, Daniel Byron, chuig an gcluiche idir Áth Cliath agus Tiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh tar éis an Aifrinn agus bhí siad seasta ar an líne lár páirce san áit a bhfuil Ardán Uí Chíosóig sa lá atá inniu ann. Níor tháinig sí a bhaile ón gcluiche.

Nuair a thosaigh an scaoileadh, thart ar cheathrú uaire isteach sa chluiche, rinne sí féin agus Daniel iarracht teitheadh. Rith siad i dtreo choirnéal Chnoc 60 den staid, áit a raibh bealach éalaithe ann. Scaoileadh Jane sa droim agus í ag iarraidh éalú agus cailleadh í.

Bhí Aifreann sochraide Jane Boyle i Seipéal Naomh Caoimhín an Déardaoin dár gcionn agus cuireadh í ina gúna pósta i reilig Ghlas Naíon ina dhiaidh. Bhí Jane 29 nuair a maraíodh í ar Dhomhnach na Fola. Cuimhínonn Cumann Lúthchleas Gael uirthi.

Foghlaim tuilleadh faoi Dhomhnach na Fola agus fúthu siúd a maraíodh anseo.