Le Jamie Ó Tuama
Thug scoláirí Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin faoi churiarracht dhomhanda a bhaint amach Dé Máirt, 16 Deireadh Fómhair, 2018. Bhí sé de dhúshlán acu an cluiche iomána, leis an líon is mó imreoirí páirteach ann riamh, a eagrú ar pháirc imeartha na scoileanna i mBaile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath.
De réir a gcuid figiúirí féin ghlac 924 páirt sa chluiche seo a thosaigh ar a naoi ar maidin agus a chríochnaigh ar a ceathair tráthnóna. Ceiliúradh mór ar an iománaíocht is ar an gcamógaíocht a bhí anseo don dá scoil.
Bhí ar gach imreoir ar a laghad 10 nóiméad a chaitheamh ar an bpáirc leis an gcuriarracht dhomhanda seo a bhaint amach. Chomh maith leis sin, bhí ar na scoláirí taifead a dhéanamh den chluiche ó thús deireadh le rialacha diana Guinness World Records a chomhlíonadh. Ba iad Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Cormac Devlin, Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil, agus Billy Brick, iariománaí le Ciarraí, a bhí i láthair mar fhinnéithe neamhpleácha.
Beidh páirc nua uile-aimsire á forbairt ag an dá scoil sna míonna amach romhainn agus bhí baint aige sin leis an dúshlán mór seo, mar a mhínigh Ruairí Ó Séanáin, Captaen Scoile Choláiste Eoin agus eagraí an imeachta seo:
‘Bhí lá iontach againn. Bhíomar ag iarraidh an dá scoil a thabhairt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr agus le slán a rá lenár seanpháirc scoile ag an am céanna. Beidh cuimhne againn ar an lá seo go deo!’
Is ag muintir na Maoilinne, sráidbhaile i gcontae Chorcaí, atá an churiarracht dhomhanda faoi láthair. Ghlac 916 páirt sa gcluiche áirithe sin a d’eagraigh muintir an tsráidbhaile i gcomhar leis an gclub áitiúil, CLG na Maoilinne, ar 26 Lúnasa, 2013.
Tá an iarracht ollmhór seo le deimhniú ag lucht Guinness World Records sna laethanta amach romhainn ach tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil na coinníollacha uilig comhlíonta ag na scoláirí meánscoile.
Tagann an gaisce seo sna sála ar churiarracht dhomhanda eile a bhain lucht Mhúsaem Chumann Lúthchleas Gael amach an mhí seo caite nuair a ghlac 1,772 iománaí óg, ó 40 club éagsúla, páirt sa seisiún traenála iomána is mó riamh ar an Domhnach, 30 Meán Fómhair, 2018 i bPáirc an Chrócaigh. Eagraíodh an ócáid sin mar chuid de chomóradh 20 bliain an Mhúsaeim.
Ní neart go cur le chéile.