Fógraíodh Dé Sathairn seo caite, 6 Meitheamh, go raibh Turlough O’Brien tar éis éirí as mar bhainisteoir ar pheileadóirí Cheatharlach tar éis dó 6 bliana a chaitheamh ar an stiúir. Tugadh le fios gur thóg O’Brien an cinneadh seo toisc nach mbeadh Craobhchomórtas 2020 ag tosú go dtí mí Dheireadh Fómhair agus go raibh an chosúlacht ar an scéal nach gcríochnófaí é go dtí 2021. Bhí sé i gceist ag O’Brien éirí as ag deireadh 2020 cibé ar bith, ach, leis an seans is fearr a thabhairt don té a cheapfar mar chéad bhainisteoir eile ar Cheatharlach shocraigh sé éirí as anois.
Rinne peileadóirí Cheatharlach dul chun cinn suntasach le linn ré O’Brien agus le linn na mblianta 2017 agus 2018, ach go háirithe. D’éirigh leo Cluiche Leathcheannais Chúige Laighean a bhaint amach i 2018 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana Cill Dara agus b’shin ceann de bhuaicphointí a ré. Buaicphointe eile ab ea nuair a d’éirigh leo ardú céime a fháil ó Roinn 4 go Roinn 3 don chéad uair le 33 bliain anuas.