Le Jamie Ó Tuama
I ráiteas a d’eisigh Diarmuid Connolly aréir, 30 Meán Fómhair, thug sé le fios go raibh sé tar éis éirí as painéal peile Átha Cliath. D’imir sé le hÁth Cliath don chéad uair thiar sa bhliain 2007 agus d’imir sé a chluiche deireanach leo in aghaidh Chiarraí san athimirt ar Chluiche Ceannais na hÉireann anuraidh.
I measc na rudaí atá buaite ag Diarmuid i ngeansaí gorm agus dúghorm Átha Claith tá 6 cinn de Chraobhacha Uile-Éireann, 10 gcinn de Chraobhacha Laighean, 4 cinn de Shraitheanna Náisiúnta agus dhá Ghradam All-Star.
Sa ráiteas a d’éisigh sé thug sé aitheantas ar leith do na himreoirí uilig ar imir sé leo agus ghabh sé buíochas mór leis na foirne bainistíochta uilig a raibh baint aige leo. Dúirt sé, freisin, go raibh sé buíoch dá chlub, Cumann Naomh Uinsionn, do Bhord Contae Átha Cliath, dá thuismitheoirí agus dá theaghlach agus do lucht leanta na Dubs as ucht na tacaíochta uilig a thug siad dó le linn dó a bheith ag imirt.
Níl aon amhras faoi ach go n-aireoidh siad uathu é ar an bpáirc imeartha!