Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Do Chlub, Do Chontae #1 – CLG Naomh Dominic, Ros Comáin

CLG Naomh Doiminic i bPáirc an Chrócaigh

CLG Naomh Doiminic i bPáirc an Chrócaigh

Tá CLG Naomh Doiminic suite idir pharóistí Chnoc an Chrochaire, Naomh Eoin agus Rath Ara i gContae Ros Comáin. Tá an club ag croílár an phobail agus tá foirne peile, peile na mban, iomána agus camógaíochta á gcur chun páirce ag an gclub ag gach aois.

Bunaíodh CLG Naomh Dominic sa bhliain 1973 nuair a tháinig Naomh Eoin, Rath Ara agus Naomh Pádraig le chéile. D’ainmnigh siad an club Naomh Dominic i ndiaidh Easpag Ail Finn, Dominic Conway, de bharr gur chaith Dominic a lán ama sa pharóiste nuair a bhí sé óg. Ó shin i leith tá ceithre chraobh idirmheánacha contae buaite acu sa pheil – 1973, 1982, 1995, 2007 – agus tá dhá Chraobh Shinsir Iomána buaite acu san iománaíocht – 1994 agus 1999.

Tá an club fíorthábhachtach don pharóiste mar a mhínigh Iar-Chathaoirleach an Chlub, Tomás Ó Muirí: “Is cuid lárnach den phobal an club sa lá atá inniu ann. Tá i bhfad níos mó i gceist le Naomh Dominic ná club C.L.G. Feicimid go bhfuil sé tábhachtach gach lá, mar shampla, nuair a fhaigheann teaghlach i dtrioblóid agus nuair a fhaigheann ball den chlub bás. Léiríonn an paindéim le déanaí, an Coróinvíreas, a fhíorluach. Mar a deir ár mana, ní mórtas cumann go Club Dominic Naofa.”

Dar ndóigh, tá níos mó i gceist le Cumann Lúthchleas Gael ná na cluichí agus tá stair mhór rathúil ag CLG Naomh Doiminic i gcomórtais Scór. Leagtar béim an-mhór ar Scór sa chlub. Tá trí Chraobh Uile-Éireann buaite acu sa chomórtas Aithriseoireachta/Scéalaíochta agus ceann amháin sa chomórtas ‘Léiriú’ ag grád Scór na nÓg agus tá dhá Chraobh Uile-Éireann buaite acu i gcomórtas na mBailéad-Ghrúpaí ag grád Scór Sinsir.

Bunaithe: 1973

Dathanna: Gorm agus Bán

Líon Ball: 735 (381 Juvenile & 354 Adults)

Craobhacha Peile Idirmheánacha Contae (ó 1973): 4

Craobhacha Iománaíochta Sinsir Contae (ó 1973): 2

Laoch mór an chlub: Jimmy Murray (Naomh Pádraig), captaen fhoirne buacacha Chraobh Peile na hÉireann sna blianta 1943 agus 1944.

Imreoirí Reatha Idirchontae:

Iománaíocht: Naos Ó Connachtáin, Micheál Ó Broin, Micheál Seosamh Mac Aogáin, Cormac Ó Maolaodha, Conal Ó Conghaile agus Liam Mac Giollachlaoin.

Peil na mBan: Aimee Ní Choncúir agus Aoife Ní Ghaibhín.

Camógaíocht: Áine Ní Mheadhra, Eimear Nic an Fhailí, Rachael Ní Dhúláin agus Caoimhe Ní Mhaolaodha.

Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Do Chlub, Do Chontae!

Gluais / Glossary

croílár – very centre    ó shin i leith – since then    fíorthábhachtach – of huge importancemínigh – explainfíorluach – true worthmana – mottomórtas – priderathúil – successfulbéim – emphasis