Pádraic Ó Ciardha do tuairisc.ie
Cuirfear tús le biaiste cluichí Gaelacha an earraigh ar TG4 an tseachtain seo le cluiche ceannais Chorn Uí Bhroin idir seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, agus an Iarmhí a chraolfar beo ó Pháirc Parnell Dé hAoine.
Is í an choimhlint sin an chéad cheann de 40 cluiche a bheidh á chraoladh ag TG4 as seo go dtí tús mhí Aibreáin. Ar na cluichí sin, beidh cluichí ceannais na sraithe sa pheil agus san iomáint, cluichí ceannais na gclubanna, cluichí ceannais tríú leibhéal agus cluichí ceannais iar-bhunscoile.
“Táimid ag súil go mór le 20ú bliain an stáisiúin i mbun craolacháin ar chluichí na Sraithe Allianz,” a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha. “Táimid bródúil as an stair fhada atá ag an stáisiún i mbun clúdach cuimsitheach ar chluichí CLG an t-am seo den bhliain. Is ionann an 40 cluiche CLG seo agus an chuid is fearr de chluichí agus de chomórtais CLG ó Bhabhtaí Ceannais Scór na nÓg go Cluichí Ceannais na Sraithe Allianz.”
Cuirfear tús leis na sraitheanna iomána agus peile Allianz faoi cheann coicíse agus beidh seaimpíní na hÉireann 2018, Áth Cliath agus Luimneach, le feiceáil ar TG4 agus iad ag imirt i mBabhta 1. Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Mhuineachán i gCluain Eois sa tsraith peile Dé Domhnaigh, an 27 Eanáir, agus imreoidh buaiteoirí Chorn Mhic Cárthaigh 2018, Luimneach, as baile i gcoinne Loch Garman an lá céanna.
Roimhe sin, beidh cluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann idir fir Chonamara, An Spidéal, agus foireann Aontroma, Naomh Éanna, le feiceáil beo ar TG4 an Domhnach beag seo.
Beidh cluiche Ghaoth Dobhair i gcoinne Chora Finne sa chraobh shinsir beo ar an stáisiún Gaeilge Dé Sathairn an 16 Feabhra.
Sceideal CLG an Earraigh - TG4
DÉ hAOINE 18 EANÁIR
Cluiche Ceannais Chorn Uí Bhroin, Áth Cliath v An Iarmhí, beo ó Pháirc Parnell (ar an aer ag 7:55pm, tús leis an gcluiche ag 8:00pm)
DÉ SATHAIRN 19 EANÁIR
Cluiche Ceannais Chorn Mhic Cionnaith Bhanc na hÉireann, Tír Eoghain v Ard Mhacha, beo ó Ard Mhacha. Caitheamh isteach ag 7:30pm.
DÉ DOMHNAIGH AN 20 EANÁIR
Cluiche Leathcheannais Peile Idirmheánach na gClubanna AIB
An Spidéal (Gaillimh) v Naomh Éanna (Aontroim), beo ó Pháirc Tailteann, An Uaimh. Caitheamh Isteach: 2pm, ar an aer ag 1:55pm
DÉ DOMHNAIGH AN 27 EANÁIR
Beo: Sraith Peile Allianz – Babhta 1- Muineachán v Áth Cliath, Cluain Eois
Iarbheo: Sraith Iomána Allianz – Babhta 1- Loch Garman v Luimneach, Páirc Innovate Phort Láirge
DÉ DOMHNAIGH AN 3 FEABHRA
Beo: Sraith Iomána Allianz – Babhta 2- An Clár v Cill Chainnigh
Iarbheo: Sraith Iomána Allianz – Babhta 2- Corcaigh v Loch Garman
Iarbheo: Sraith Peile Allianz – Babhta 2- Tír Eoghain v Maigh Eo
DÉ SATHAIRN AN 9 FEABHRA
Cluichí Leathcheannais Sinsear Iomána AIB na gClubanna
3pm Naomh Tomás (Gaillimh) v Ruairí Óg Bun Abhann Dalla (Aontroim), beo ó Pháirc Parnell, Baile Átha Cliath
5pm Seamróga Bhaile Héil (Cill Chainnigh) v Baile Gunnair (Port Láirge), beo as Staid Semple, Durlas
Beo ar YouTube: Cluichí Ceannais Peile Shraith Sóisear agus Idirmheánach AIB na gClubanna, Páirc an Chrócaigh
DÉ DOMHNAIGH AN 10 FEABHRA
Beo: Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Muineachán v Gaillimh, Inis Caoin, 2pm
Iarbheo: Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Ros Comáin v Tír Eoghain
Iarbheo: Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Cluiche le deimhniú
Beo ar YouTube: Cluichí Ceannais Iomána Shraith Sóisear agus Idirmheánach AIB na gClubanna, Páirc an Chrócaigh
DÉ SATHAIRN AN 16 FEABHRA
Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear AIB na gClubanna
1:30pm Cora Finne (Gaillimh v Gaoth Dobhair (Dún na nGall), beo ó Pháirc Seán Mac Diarmada, Cora Droma Rúisc
3:30pm Dr. Crócaigh (Ciarraí) v Naomh Columba, Mullach na Leachta (An Longfort), beo ó Staid Semple, Durlas
Beo ar YouTube: Babhtaí Ceannais Scór na nÓg, beo as an Téatar Ríoga, Caisleán an Bharraigh
DÉ DOMHNAIGH AN 17 FEABHRA
Craoladh beo agus iarbheo ar Shraith Iomána Allianz (Babhta 3) lena n-áirítear Cill Chainnigh v Luimneach, Loch Garman v Tiobraid Árann agus Gaillimh v Áth Cliath.
DÉ CÉADAOIN AN 20 FEABHRA
Beo ar YouTube: Cluiche Ceannais Chorn Sigerson na Comhairle Ardoideachais CLG Electric Ireland
DÉ SATHAIRN AN 23 FEABHRA
Beo ar YouTube: Cluiche Ceannais Chorn Mhic Giobúin na Comhairle Ardoideachais CLG Electric Ireland, beo as Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
DÉ DOMHNAIGH AN 24 FEABHRA
Sraith Peile Allianz (Babhta 4) agus Sraith Iomána Allianz (Babhta 4)
Cluiche amháin beo agus craoladh iarbheo ar dhá chluiche eile.
DÉ DOMHNAIGH AN 3 MÁRTA
Sraith Peile Allianz (Babhta 5) agus Sraith Iomána Allianz (Babhta 5)
Cluiche amháin beo agus craoladh iarbheo ar dhá chluiche eile.
DÉ hAOINE AN 8 MÁRTA
Gradaim Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, beo as Páirc an Chrócaigh
DÉ SATHAIRN AN 9 MÁRTA
Beo ar YouTube: Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir Gourmet Food Parlour Pheil na mBan
DÉ DOMHNAIGH AN 10 MÁRTA
Cluichí Ceathrú Ceannais Shraith Iomána Allianz
DÉ SATHAIRN AN 16 MÁRTA
Cluichí Leathcheannais Shraith Iomána Allianz
DÉ DOMHNAIGH AN 17 MÁRTA
Cluichí Ceannais Sinsear Peile & Iomána na gClubanna AIB, beo as Páirc an Chrócaigh
DÉ DOMHNAIGH AN 24 MÁRTA
Sraith Peile Allianz (Babhta 7)
Cluiche Ceannais Shraith Iomána Allianz
DÉ SATHAIRN AN 30 MÁRTA
Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz (Roinn 3 agus Roinn 4). Beo as Páirc an Chrócaigh
Beo ar YouTube: Cluiche Ceannais Iomána na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna). Beidh dhá chluiche beo as Staid Semple, Durlas.
DÉ DOMHNAIGH AN 31 MÁRTA
Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz (Roinn 1 agus Roinn 2), beo as Páirc an Chrócaigh
DÉ SATHAIRN AN 6 AIBREÁN
Beo ar YouTube: Cluiche Ceannais Peile na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna – Cluiche Ceannais Chorn Paddy Drummond). An dá chluiche beo as Páirc an Chrócaigh
DÉ SATHAIRN AN 13 AIBREÁN
Beo ar YouTube: Babhtaí Ceannais Sinsear Scór na nÓg, beo as an Téatar Ríoga, Caisleán an Bharraigh