Le Jamie Ó Tuama
Fógraíodh Gradaim All-Stars Peile PwC Ireland ar maidin agus is iad fir Átha Cliath is mó a d'aimsigh áiteanna ar an bhfoireann. Seachtar ar fad a ainmníodh ó fhoireann Jim Gavin – Jonny Cooper, James McCarthy, Jack McCaffrey, Brian Fenton, Brian Howard, Paul Mannion agus Ciarán Kilkenny.
Triúr as Muineachán a fuair gradaim – Rory Beggan, Karl O’Connell agus Conor McManus. D’éirigh le Colm Cavanagh agus Pádraig Hampsey gradaim a bhaint amach ó fhoireann Thír Eoghain. David Clifford, Ciarraí, Ian Burke, Gaillimh agus Ryan McHugh, Dún na nGall, na himreoirí eile a fuair gradaim.
Rinne Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael comhghairdeas leis na himreoirí uilig ar éirigh leo áit a fháil ar an bhfoireann – mar a rinne Paul Flynn thar ceann an GPA agus Feargal O’Rourke thar ceann PwC.
Ainmneofar na gradaim iomána beo ag ócáid bhronnta na ngradam in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath, amárach, 2 Samhain. Craolfar an bronnadh beo ar RTÉ1, óna 7.00pm.
Gradaim All-Stars Peile PwC 2018
Cúl Báire
1. Rory Beggan (Muineachán)
Cúlaithe
2. Jonny Cooper (Áth Cliath)
3. Colm Cavanagh (Tír Eoghain)
4. Pádraig Hampsey (Tír Eoghain)
5. Karl O’Connell (Muineachán)
6. James McCarthy (Áth Cliath)
7. Jack McCaffrey (Áth Cliath)
Lár Páirce
8. Brian Fenton (Áth Cliath)
9. Brian Howard (Áth Cliath)
Tosaithe
10. Paul Mannion (Áth Cliath)
11. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)
12. Ryan McHugh (Dún na nGall)
13. David Clifford (Ciarraí)
14. Conor McManus (Muineachán)
15. Ian Burke (Gaillimh)