Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gradaim Mhic Con Mídhe 2018

Éamonn Ó Cualáin - Buaiteoir Ghradam Gaeilge Mhic Con Mídhe 2018

Éamonn Ó Cualáin - Buaiteoir Ghradam Gaeilge Mhic Con Mídhe 2018

Bronntar Gradaim CLG Mhic Con Mídhe gach bliain le haitheantas a thabhairt do obair a bhaineann le gníomhaíochtaí CLG i réimsí na cumarsáide, caidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta atá ar ardchaighdeán. Is i ndiaidh iar-Uachtarán CLG, iar-Chathaoirleach ar Choimisiún CLG (1969-1971) agus iarbhall de chuid Údarás RTÉ, Pádraig Mac Con Mídhe, nach maireann, atá na gradaim seo ainmnithe.

Tá iarratais á nglacadh anois do Ghradaim CLG Mhic Con Mídhe 2018. Ní chuirfear san áireamh ach iarratais a bhaineann le hábhair a cuireadh i gcrích nó a cuireadh i gcló le linn 2018. Ní thabharfar iarratais ar ais do iarrthóirí. Déanfar moltóireacht ar an scéim gradam seo faoi na ceannteidil seo a leanas:

An Foilseachán is Fearr

Ina n-áirítear ábhair ghinearálta atá dírithe ar an gCumann.

An Foilseachán Club is Fearr

Ina n-áirítear bliainirisí contaetha agus foilseacháin faoi stair clubanna.

An Suíomh Idirlín is Fearr

Ina n-áirítear suímh idirlín clubanna agus contaetha.

An Feachtas Digiteach is Fearr

An feachtas bolscaireachta ar-líne is fearr ar chainéil dhigiteacha (idirlín, sóisialta, físeáin). Sa chatagóir seo, breathnaítear ar na bealaí ar úsáideadh ardáin ar-líne le hócáid, comórtas nó feachtas ar bith eile a chur chun cinn agus ar an gcaoi a raibh rannpháirtíocht mhór agus ionchur mór ón mórphobal ann. Ba cheart go mbainfeadh na nithe seo a leanas leis an iarratas:

-         Samplaí de na hábhair a cruthaíodh

-         Na cainéil éagsúla a úsáideadh

-         An chaoi ar pleanáladh agus a cuireadh an t-ábhar i láthair

-         Samplaí de na bealaí ar éirigh leat gabháil i ngleic leis an mórphobal ar-líne

-         Léiriú ar na torthaí a baineadh amach

An Grianghraf is Fearr

Dírithe ar an íomhá is fearr a bhí bainteach le gníomhaíochtaí CLG.

An Clár is Fearr
Ina n-áirítear gach uile chineál cláracha cluiche de chuid CLG a cuireadh i gcló – cláracha áitiúla nó náisiúnta.

An Clár Raidió is Fearr Dírithe ar Chúrsaí CLG
Ina n-áirítear chuile chineál cláracha raidió CLG a craoladh go náisiúnta nó go háitiúil.

Gradam Meán Cúige
Le haitheantas a thabhairt do iriseoireacht scríofa ar ardchaighdeán a cuireadh i gcló i bhfoilseachán cúige.

Gradam Meán Náisiúnta
Le haitheantas a thabhairt do iriseoireacht scríofa ar ardchaighdeán i bhfoilseachán náisiúnta laethúil nó Domhnaigh.

An Clár Faisnéise Teilifíse is Fearr

Le haitheantas a thabhairt do na cláracha faisnéise atá á ndéanamh ar chúrsaí CLG i láthair na huaire.

Gradam na Gaeilge
Le haitheantas a thabhairt do iriseoireacht ar ardchaighdeán, a bhaineann le CLG, in aon ghné ar leith de mheáin na Gaeilge   

* Tá teorainn de thrí ghrianghraf le gach iarratas sa rannóg don ‘Ghrianghraf is Fearr’ agus níl cead ach an t-aon iarratas amháin a dhéanamh sna rannóga eile.

Bronnfar gradam ‘Dámhachtain na Laoch’ (Hall of Fame), nó gradam do dhuine a thug an-seirbhís go deo thar na blianta i ngníomhaíochtaí de chuid Chumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn. Beidh an duine seo á roghnú ag Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael.

Scríobh “GAA MacNamee Awards 2018” ar chlúdach do iarratais agus cuir chuig Alan Milton, An Stiúrthóir Cumarsáide, Páirc an Chrócaigh, Áth Cliath 3 é, nó, cuir le ríomhphost é chuig jamie.otuama@gaa.ie. Ní mór do gach iarrthóir a rá go sonrach, freisin, cé acu rannóg/gradam a bhfuil siad ag cur isteach air.  

Déanfar teagmháil leis na buaiteoirí in am tráth maidir le hócáid bhronnta na ngradam.

Dáta deiridh iontrála: Dé hAoine, 4 Eanáir, 2019.

Tuilleadh Eolais: Alan Milton, Stiúrthóir Cumarsáide CLG, Páirc an Chrócaigh, 01 8658612