Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Gradam Gaeilge an Uachtaráin le bronnadh ar Chathal Seoighe

Cathal Seoighe le bonn airgid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in éineacht le Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, Micheál Ó Gríofa agus Ambasadóir Gaeilge CLG 2024, Seán O'Shea

Cathal Seoighe le bonn airgid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in éineacht le Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, Micheál Ó Gríofa agus Ambasadóir Gaeilge CLG 2024, Seán O'Shea

Le Jamie Ó Tuama

Cathal Seoighe, Clann na nGael, An Mhí

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael na daoine uilig a bhfuil Gradaim an Uachtaráin 2025 le bronnadh orthu níos luaithe an tseachtain seo. Gradaim iad seo a bhronnann Uachtarán CLG gach bliain ar dhaoine a bhfuil níos mó ná a gcuid déanta acu agus a bhfuil tar éis fadseirbhís a thabhairt ar mhaithe le cur chun cinn na gcluichí Gaelacha agus gníomhaíochtaí eile de chuid Chumann Lúthchleas Gael. Bronntar Gradaim an Uachtaráin gach bliain le tacaíocht ó AIB.

I measc na ngradam atá le bronnadh anocht tá Gradam na Gaeilge agus bronnfaidh Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, an gradam sin ar Chathal Seoighe ó Ráth Chairn na Mí.

Tá Cathal Seoighe sáite i gCumann Lúthchleas Gael agus tá a shaol tugtha aige don Chumann. Ó bhí sé óg, bhí sé gníomhach ina chlub, An Ghaeltacht, agus níos faide anonn, Clann na nGael. Chomh maith leis sin, tá níos mó ná a chuid déanta aige ag leibhéal an chontae agus go náisiúnta ar son Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Tá sé ina Rúnaí reatha ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tá sé ag súil go mór leis an gcomórtas a thabhairt chuig a cheantar féin, Ráth Chairn na Mí, i mbliana. Tá na blianta caite aige ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tá an-obair déanta aige ag cur an chomórtais chun cinn i gcontae na Mí le fada.

Chaith Cathal tréimhsí éagsúla ar Bhord Contae na Mí agus toghadh é ina Oifigeach Cultúir agus Gaeilge don chontae ag cruinniú cinn bhliana CLG na Mí le deireanas. Roimhe sin, bhí sé ina thoscaire ag CLG na Mí ar Chomhairle Laighean. Chaith sé tréimhsí eile ina Oifigeach Gaeilge agus Cultúir ag CLG na Mí chomh maith le bheith Rúnaí agus ina Chathaoirleach ar an CCC sa chontae sin. Bhí dhá théarma aige ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge, CLG, le linn thréimhsí uachtaránachta Sheosamh Mhic Dhonncha agus Sheáin Mhic Thaidhg.

Chaith Cathal seal ag obair in earnáil na Gaeilge agus bhí sé ina cheannasaí ar an óg-eagras Gaeilge, Ógras, ar feadh roinnt blianta. Bhí sé ina bhall tofa de chuid Ghaeltacht na Mí ag Údarás na Gaeltachta freisin.

Tá Cathal ina Chathaoirleach ar a chlub, Clann na nGael, faoi láthair agus iad ag réiteach le haghaidh Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i Ráth Chairn le linn dheireadh seachtaine na Cincíse i mbliana.

Tá Cathal pósta le Seosaimhín agus tá cúigear clainne acu – Siobhán, Bláthnaid, Fionnuala, Niamh agus Aisling.

Craolfar Gradaim an Uachtarán beo ar TG4 anocht ar 7.30.