Fógraíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin gur ar Odhrán Mac Niallais a bhronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh i mbliana. As na Doirí Beaga d’Odhrán, 26 bliain d’aois, imreoir le CLG Gaoth Dobhair, a thug leo Craobh na Contae i mbliana, agus imreoir idirchontae é freisin.
Thionscain RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo in onóir agus i gcuimhne ar Shéamus Mac Géidigh, craoltóir ildánach agus iar-Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt, a cailleadh go tobann i 2016. Bhí meas agus ómós go forleathan ar Shéamus, agus aithne faoi leith air as feabhas a chuid tráchtaireachta ar chluichí CLG.
Coiste 12 duine, iriseoirí spóirt Dhún na nGall ó na meáin chlóite agus chraolta, a roghnaigh an buaiteoir, agus is é Damien Ó Dónaill ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí ina chathaoirleach ar na moltóirí. Dúirt sé ar Bharrscéalta ar maidin:
“Tá an gradam seo tuillte go maith ag Odhrán as na taispeántais atá tugtha aige i gCraobh Peile na bliana seo agus Gaoth Dobhair ag tabhairt an Chraobh leo den chéad uair le 12 bliain anuas. Bhí triúr imreoir eile as Gaoth Dobhair san iomaíocht don Ghradam, ach ba é Odhrán a roghnaigh tromlach na n-iriseoirí ar an choiste moltóireachta. Luaigh siad an taispeántas a thug sé i gcluiche ceannais an chontae, nuair a d’aimsigh sé 8 bpointe agus léirigh sé go bhfuil se i measc na n-imreoirí is fearr sa tír leis an stíl aigeantach peile atá aige, gan trácht ar a chruinneas scórála agus a ábaltacht i lár páirce.”
Dúirt Edel Ní Chuireáin, Bainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt:
“Ba fhear Gaeltachta go smior a bhí i Séamus Mac Géidigh, mar sin is deas i mbliana gur ar fhear Gaeltachta eile a bhronnfar an gradam seo, fear óg atá i mbarr réime, agus tréaslaím a ghradam le hOdhrán.”
Dúirt Odhrán Mac Niallais ar an gclár Barrscéalta:
"Onóir mhór domh an gradam seo a fháil. Bhí Séamus ina fhear uasal, agus cara maith domh féin a bhí ann, mar sin tá sé iontach deas an gradam seo atá ainmnithe ina onóir a fháil.”
Bronnfar an gradam ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall san Abbey Hotel i mBaile Dhún na nGall ar 23 Samhain.
Is é an dealbhóir Redmond Herrity a chruthaigh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh as Cloch Éibhir Dhún na nGall i gcruth an Earagail, le pictiúr Sheámuis greanta chun tosaigh air.