Ghabh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, agus Ard-Stiúrthóir Chumann Lúthchleas Gael, Tomás Ó Riain, buíochas le baill agus le clubanna fud fad na tíre i gcomhfhreagras a cuireadh chuig clubanna Dé hAoine seo caite maidir lena gcuid iarrachtaí na cluichí a chur ar siúl arís go slán sábháilte agus a gcuid ball a chosaint. Iarradh ar na clubanna coinneáil orthu lena gcuid iarrachtaí sa chomhfhreagras céanna. Seo thíos an comhfhreagras a cuireadh chuid na clubanna:
A chairde,
Le cúpla seachtain anuas, d’éirigh linn filleadh ar chluichí fud fad na tíre agus tá craobhchomórtais iomána agus peile faoi lánseol. D’fháiltigh muid ar ais roimh na ‘Cúl Camps’, freisin, agus leanfar leo go dtí go n-osclaíonn na scoileanna ag deireadh na míosa an athuair.
Ní éireodh linn na cluichí a chur ar siúl an athuair murach díograis agus obair chrua na n-oibrithe deonacha uilig ag leibhéal an chlub i ngach contae agus prótacail ‘Filleadh ar Chluichí CLG’, a d’fhoilsigh Grúpa Comhairleach Covid-19 faoi réir threoirlínte Rialtais agus Sláinte Poiblí, á gcur i bhfeidhm acu.
Tá muid thar a bheith buíoch de gach uile bhall a raibh baint acu leis seo agus, thar ceann an Chumainn, ba mhaith linn ár míle buíochas a chur in iúl daoibh.
Mar sin féin, níl an víreas seo imithe. Tá sé fós linn. Tá baoil fós ann dár gcuid pobal agus, go háirithe, do na daoine is leochailí inár sochaí. Dá bharr sin, ní mór dúinn coinneáil orainn ag cloí leis an treoir maidir le sláinte poiblí agus na prótacail chuí a leanúint.
Tuigeann muid go rímhaith an díomá atá ar bhaill club nach bhfuil in ann cluichí club a fheiceáil de bharr na srianta ar thionóil taobh amuigh – ach go háirithe iad siúd sna 26 contae agus na srianta fós ag 200 duine.
Chuir an Cumann in iúl don Rialtas go bhféadfadh muid freastal ar shluaite de 500 duine taobh amuigh, agus sluaite den mhéid sin a bhainistiú, go héasca ag páirceanna de chuid CLG.
Coinneoidh muid orainn á chur sin in iúl dóibh ach, idir an dá linn, tá sé tábhachtach go gcoinneodh ár gcuid ball orthu ag léiriú ceannaireacht eisceachtúil pobail mar atá déanta agaibh ó mhí an Mhárta seo caite agus an tír ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an víreas.
D’éirigh linn traenáil agus cluichí a chur ar siúl arís. Caithfidh muid gach rud a dhéanamh le cinntiú go leanfar leis na cluichí agus leis an traenáil.
Mara gcoinneoidh muid orainn ag cur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na bprótacal cuí d’fhéadfadh ardú teacht i scaipeadh an víris agus d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí na srianta, a raibh tionchar mór acu orainn níos luaithe sa bhliain, i bhfeidhm arís. Tá sé fíorthábhachtach go n-aithneodh gach uile dhuine againn an ról tábhachtach atá le himirt againn maidir lenár bpobail a choinneáil slán. Le bhur dtoil, léigí agus scaipigí an t-aguisín thíos a mheabhraíonn dúinn na rudaí tábhachtacha a chaithfidh muid a chur i bhfeidhm i gcónaí.
Ní neart go cur le chéile.
Míle Buíochas,
Tomás Ó Riain, Ard-Stiúrthóir CLG
Seán Ó hÓráin, Uachtarán CLG
Aguisín
Caithfidh muid coinneáil orainn ag déanamh na rudaí seo a leanas:
· Treoirlínte maidir le Sláinte Poiblí a leanúint;
· Dea-nósanna sláinteachais a chleachtadh, mar shampla, lámha a ní agus trí dhea-nósanna maidir le casacht agus sraothartach a chleachtadh;
· Caith aghaidhmhasc nuair is cuí;
· Prótacail CLG a leanúint agus ná húsáid seomraí feistis, bínsí nó aon spás iata eile;
· Cruinnithe taobh istigh a sheachaint de bharr go bhfuil baol níos mó go scaipfear an víreas ag cruinnithe taobh istigh agus go n-áireofaí gach duine mar ‘dhlúth-theagmhálaí’ sa chás go mbeadh ar dhaoine tabhairt faoi choraintín – dá mbeadh aon chás dearfach ann;
· Ba chóir aon seomra aclaíochta ar thalamh CLG a choinneáil dúnta;
· Taistil chuig traenáil/cluichí le baill de do theaghlach féin amháin;
· Ní mór an Ceistneoir Sláinte a líonadh isteach nó a dheimhniú an athuair, roimh sheisiúin traenála nó roimh chluichí, ag dearbhú nach bhfuil aon athrú tar éis teacht ar do chuid sláinte ón uair dheireanach a raibh tú i láthair. Is féidir é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an aip ‘Filleadh ar Chluichí’ (https://returntoplay.gaa.ie);
· Ní mór do na Maoir Covid sna clubanna a dhéanamh cinnte go líontar isteach an Ceistneoir Sláinte;
· Ba chóir taifead a dhéanamh de gach duine a fhreastalaíonn ar sheisiúin traenála ar mhaithe le lorg teagmhálaithe – tá gach eolas maidir leis an gcaoi is fearr chun é seo a chur i bhfeidhm ar fáil ar an aip ‘Filleadh ar Chluichí’;
· Ná taistil chuig cluichí mara bhfuil tú ag mothú go maith;
· Más ag freastal ar chluiche mar chuid den lucht féachana atá tú, ná gabh isteach ar an bpáirc imeartha roimh, nó le linn, leatham ná ag deireadh an chluiche;
· Ba chóir don lucht féachana cloí le scaradh sóisialta ag cluichí;
· Ba chóir don lucht féachana taifead a dhéanamh de na daoine a bhí ina gcomhluadar ag cluichí sa chás go mbeadh an t-eolas sin ag teastáil le haghaidh lorg teagmhálaithe ina dhiaidh sin;
· Ba chóir do bhaill a fhilleann ar Éirinn, tar éis dóibh a bheith i dtír eile nach bhfuil ar liosta glas an Rialtais, cloí le comhairle Rialtais ina leith (i.e srian a chur ar na háiteanna a dtéann siad ar feadh 14 lá) agus níl cead acu a bheith i láthair ag gníomhaíochtaí de chuid CLG go mbeidh an 14 lá sin curtha i gcrích acu.