Ambasadóir Gaeilge CLG, Fergal Whitely, i gcuideachta Chathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Áine Uí Choinn, agus Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin
D’fhógair Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, gurb é iománaí Átha Cliath, Fergal Whitely, a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2025, ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh inniu. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do Fergal agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge CLG.
Mar chuid den ról beidh Fergal ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid an Chumainn ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus na GAAgaeilge Go Games a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa bhliain.
Ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh inniu chuir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, fáilte roimh Fergal chuig an ról agus ghuigh sé gach rath air don bhliain amach romhainn.
Dúirt Fergal, múinteoir bunscoile i Scoil San Treasa i gCnoc Mhuirfean, gur mhór an onóir a bhí ann dó a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge agus go raibh sé ag súil go mór leis an mbliain amach roimhe. Tá sé ag súil, freisin, le daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a labhairt le linn na bliana.
Ó d’imir Fergal le hÁth Claith don chéad uair thiar sa bhliain 2017, tá sé anois ina chrann taca ag tosaithe Átha Cliath. Tá dhá chraobh chontae buaite aige lena chlub Cill Mochuda Na Crócaigh sna blianta 2021 agus 2022, nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Na Fianna sa dá chluiche cheannais sin.
Tá Cumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Fergal don bhliain amach romhainn. Tagann Fergal sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí mar Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022, ar iománaí an Chláir, Paul Flanagan, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2023 agus ar Sheán O’Shea a bhí mar Amabasadóir na Gaeilge do 2024.