Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Lá na nOifigeach Gaeilge agus Dáta don Dialann!

Liam Rushe agus Seán Ó hÓráin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael

Liam Rushe agus Seán Ó hÓráin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael

Le Jamie Ó Tuama

Eagrófar ‘Lá na nOifigeach Gaeilge’ ar an Satharn, 2 Feabhra 2019, i bPáirc an Chrócaigh. Tabharfaidh an lá seo seans do Oifigigh Ghaeilge, ag leibhéal an chontae agus an chúige, ó gach cearn den tír teacht le chéile le tuairimí, moladh, pleananna agus smaointe a roinnt maidir le ról an oifigigh.

Déanfar cur síos ag an tionól seo ar na rudaí uilig atá á ndéanamh ag an gCumann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i láthair na huaire agus déanfar cur síos ar na seirbhísí Gaeilge uilig atá ar fáil ón gCumann. Eagrófar ceardlanna a thabharfas deis do oifigigh teacht le chéile i ngrúpaí le fadhbanna, deiseanna agus féidearthachtaí a bhaineann leis an ról mar Oifigeach Gaeilge a chíoradh.

Pléifear Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus na torthaí atá bainte amach ag an scéim go dtí seo ar an lá, freisin. Tugann an scéim seo, a reáchtáltar i gcomhar le Glór na nGael, aitheantas do chlubanna a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhonn praiticiúil. Bronntar boinn ar chlubanna a n-éiríonn leo méid áirithe a bhaint amach. Is féidir cur isteach ar mhiondeontais tríd an scéim seo, freisin, le caitheamh ar imeachtaí Gaeilge a eagrú sa gclub. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag an suíomh seo a leanas; www.glornangael.ie/clg/.

Pléifear an tionchar atá ag na meáin shóisialta ar chur chun cinn na Gaeilge ag na ceardlanna seo, freisin, chomh maith leis na bealaí is éifeachtaí leis na meáin sin a úsáid.

Labhróidh Cathaoirleach Choiste Naisiúnta na Gaeilge CLG, Seosamh Mac Donncha, faoi na rudaí éagsúla atá beartaithe ag an gCumann don Ghaeilge don bhliain amach romhainn ar an lá seo, freisin.

Cuir an dáta sa dialann – 2 Feabhra, 2019!! Tuilleadh eolais le teacht.