Tá an gradam mar “Chara Oinigh ag Músaem CLG” bronnta ar an tráchtaire Micheál Ó Muirchartaigh mar aitheantas ar an dlúthcheangal atá idir a ghlór agus an cumann le os cionn seasca bliain.
Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghaíl, a d’fhógair sin agus scéim ballraíochta “Cairde Múseum CLG” á láinseáil aige.
Tá an cairdeas fréamhaithe go domhain i CLG agus baineann an tionscnamh seo le tacaíocht a chur ar fáil don Mhúsaem agus é ag cur na gCluichí Gaelacha chun cinn trí chaomhnú a dhéanamh ar a bhfiúntas, a gcultúr agus thar rud ar bith ar na daoine a bhí bainteach leis an gCumann.
Ar cheann de na buaicphointí a bhaineann le bheith i do “Chara” tá cuireadh chuig an Músaem ag an mór-ócáid ina ndéanfar an gradam a bhronnadh go hoifigiúil ar Mhicheál Ó Muircheartaigh.
Faoin scéim beidh cead isteach sa Mhúsaem ag gach ‘Cara” agus ag compánach dá gcuid ar feadh na bliana, maraon le turas treoraithe faoi leith i gcuideachta an Choimeádai. Cuirfear cárta ballraíochta ar fáil freisin do gach ball, bronntanas fáilte de chamán beag i ndathanna a gcontaetha , Turas na Staide saor in aisce agus lascaine i siopa agus i gcaifé an Mhúsaeim.
Dúíirt an Muircheartagh gur mhór an onóir dó “a bheith ar an gcéad Chara a bhí ag Músaem CLG. Is í an eagraíocht sin mo chroí, m’anam agus mo shaol agus táim ag súil go mór casadh le daoine eile a ghlacfaidh ballraíocht. Seo seans duit cosaint a dhéanamh ar oidhreacht CLG do na glúin atá le teacht.”
Dúirt Aogán Ó Feargháil, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael gur mhian leis: “Comhghairdeas a dhéanamh le Micheál, cara dílis don Chumann leis na blianta, le linn dó a bheith ag craoladh agus ag cur chúrsaí an chumainn chun cinn. Tá an cairdeas a chruthaítear idir dhaoine in gcroílár ár gCumann agus beidh tóir acu siúd ar meas leo an stair agus an cultúr a bhaineann linn ar an tionscnamh nua seo.”
Dúirt Stiúrthóir Mhúsaeim CLG, Niamh McCoy, go raibh siadsan “meáite ar onóir a thbhairt dóibh siúd a shaothraigh ar son na gCluichí Náisiúnta agus tá Micheál Ó Muircheartaigh ar dhuine díobh siud is mó a rinne sin. Tá fíor-ríméad orainn Cara Oinigh a dhéanamh dó.
Iaraimíd anois ar ár gcairde i bpobal CLG teacht ar bord leis. Ní bheith againn ach 200 ball go bliantúil agus dá bharr sin is grúpa eisiach é agus ballraíocht ann thar a bheith oiriúnach le tabhairt mar bhronntanas do gach duine a bhfuil suim acu sna Cluichí Gaelacha, sa stair agus sa chultúr a bhaineann leo.”
Is é Múseum CLG an coimeadaí náisúnta ina bhfuil fáil ar chartlann agus ar dhéantúsáin Chumann Lúthchleas Gael, Béarfaidh an t-airgead a thiocfaidh as an scéim seo an deis dúinn tuilleadh déantúsáin agus cáipéisí a bhailiú agus aire agus athchóiriú a chur ar na cinn atá again.
Ar tháille €100 gheofaoidh na Cairde
• Cárta Ballraíochta
• Bronntanas Fáilte – bronntanas pearsana Mhúsaem CLG san áireamh
• Saorchead agat agus ag compánach isteach sa Mhúsaem i rith na bliana
• Cuireadh duit féin agus do’d chompánach ag Mórócáid sa Mhúsaem
• Cuireadh duit féin agus do’d chompánach ar thuras treoraithe ar an Músaem i gcuideachta an Choimeadaí
• Eolas ar líne go míosúil faoina bhfuil ag tárlú sa Mhúsaem
• Dhá thicéad saor in aisce do Thuras na Staide i bPáirc an Chrócaigh
• Lascaine 20% i Siopa sa Mhúsaem
• Lascaine 20% sa Blackthorn Café sa Mhúsaem
Glac ballraíocht anois ar www.crokepark.ie/gaamuseum-friend