Le Mártan Ó Ciardha do tuairisc.ie
Glacann ár gcolúnaí buíochas ó chroí leis na fir óga a d’imir in El Cois Fharraigó, iad siúd a chaith an tseachtain seo caite ag ceiliúradh agus iadsan nach raibh a n-údar acu.
Is mór an phráinn atá agam as mo cheantair dhúchais de bharr an Domhnaigh seo caite, lá a chaith mé ag breathnú ar an athimirt idir pheileadóirí an Spidéil agus Mhicheál Breathnach in athimirt Chluiche Ceannais Idirmheánach na Gaillimhe. Mar a mhínigh mé anseo cheana tá cos liom chaon taobh d’Abhainn Bhoth Loiscthe, an teorainn atá idir an dá pharóiste sin.
Dá bharr is cuma cén toradh a thiocfadh ar an gcoimhlint is dócha go mbeadh a dhath éicint den mhíshonas ag baint leis agus b’in díreach mar a bhí. Ríméad orm an paróiste ina bhfuil mé i mo chónaí le beagnach dhá scór bliain (agus inar saolaíodh mé) a fheiceáil ag buachan – rian nach beag den bhrón nár éirigh leis an gcumann lena imir mé tráth filleadh ar an ngrád sinsearach.
Dá mba le n-ithe a bhí an riocht ina raibh mé , seans gur ‘searbhmhilis’ an cur síos a bheadh ag an mbiachlár air.
Ag breathnú siar dom ar eachtraí an lae sin, inarbh éigean a dhul i dtuilleamaí am breise, agus freisin ar an gcluiche seachtain roimhe sin a chríochnaigh ar comhscór, tá rian maith den bhród as an dá chumann ag rith trí mo chuisle – go háirithe as na peileadóirí a shaothraigh amuigh ar pháirc na himeartha mar aon leo siúd a d’fhan suite sa seastán ag súil go ndíreofaí méar an bhainisteora orthu ag tráth éicint.
Comhraic a bhí iontu seo a raibh lán do dhá shúl le baint astu agus níl mé a thabhairt duit ach leath an scéil nuair a deirim go gcealódh cic den liathróid an tús a bhí ag taobh amháin ar an taobh eile sa bhreis is dhá uair go leith peile a imríodh eatarthu.
Ach bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist agus le fírinne níor mhór don duine ceangal éicint a bheith acu le Cois Fharraige nó cuairt a thabhairt ar an gceantar le coicís anuas go bhfaigheadh siad tuiscint cheart air sin.
Cúpla seachtain ó shin bhí Micheál Breathnach agus an Spidéal páirteach i mbabhtaí leathcheannais as ar thugadar na cosa ar éigean, ach ní raibh aon chomparáid idir na cluichí sin agus an dá imirt ar an gcluiche ceannais.
Fós ní fhaca mé oiread agus buille fealltach amháin Dé Domhnaigh seo caite ná an Domhnach roimhe. Cárta dearg amháin a ’spáineadh – ní féidir ach a leithéid a dhéanamh sa lá atá inniu ann nuair a dhéanann lámh imreora teagmháil le muineál céile comhraic.
Ach ba thimpiste nó easpa cúraim thar rud ar bith eile ba chúis leis an eachtra agus ní raibh de rún ag an té a bhí ciontach a chéile comhraic a ghortú, ach oiread agus a bhí agamsa a bhí 100 slat ó bhaile.
Cúpla seachtain roimhe sin i gcluiche cancrach eile inar imir an Spidéal, bhog an réiteoir an liathróid chun cinn leathdhosaen uair siocair an íde béil a bhí a gcéilí comhraic an lá sin a thabhairt dósan agus d’imreoirí a bhí ag glacadh ciceanna saora. Le linn na seachtaine tá labhartha agam le himreoirí as an Spidéal agus as Micheál Breathnach a bhí ar an bpáirc Dé Domhnaigh seo caite agus an ceann roimhe agus ’sé an scéala a bhí acu ar fad nach raibh a leithéid ar siúl sna babhtaí ceannais.
Agus Corn Johnny Cotter á bhronnadh ar chaptaen an Spidéil Ciarán Ó Laoi, d’fhan imreoirí agus lucht bainistíochta Mhicheál Breathnach amuigh ar an bpáirc cé go bhfuilim cinnte go mb’fhearr leo a bheith in aon áit eile ar dhroim na cruinne.
Ní béasa amháin a thaispeánann sin, ach fearúlacht freisin agus molaim iad.
An Spidéal a thug an bua leo mar go raibh a gcóras ionsaithe níos grinne agus níos géire ná a gcéilí comhraic, a bhí támáilte, mall agus iad ag dul chun cinn agus nár chuir athrú dá laghad ar stíl a gcuid imeartha fiú agus fear le cois acu. Ba mhór an t-aoibhneas a bheith ag breathnú ar an gcaoi ar bhain na buaiteoirí úsáid as an bpasáil choise – ní fheicfidh tú pas níos fearr ná níos tomhaiste ar Match of the Day ná an ceann a thug Cormac Ó Laoi do Dhara Mac an Rí sular scóráil seisean a chúl.
Glacaim buíochas ó chroí leis na fir óga seo ar fad – iad siúd a chaith an tseachtain seo caite ag ceiliúradh agus iadsan nach raibh a údar acu. Eatarthu is cairde agus comharsana cuid mhaith díobh, is iad tuilleadh fós acu a gclann siúd lena ndeachaigh mé ar scoil, lenar imir mé, nó clann a gclainne.
Boinn acu nó uathu, tá údar acu a bheith bródúil agus is creidiúint iad don dream a thóg iad, a spreag a suim sa spórt agus níos tábhachtaí fós a thug oiliúint dóibh maidir lena gcuid iompair.
Nára fada uainn an chéad ‘El Cois Fharraigó’ eile – an babhta seo i ngrád na sinsear.