Bhí Michael Murphy ag tús cadhnaíochta do Rogha Éireann sa bhua tábhachtach seo ar Chlárach i Sraith Shinsir Iomána Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin aréir, Déardaoin, 6 Lúnasa. D’aimsigh sé 1-11 as an 3-16 a d’aimsigh a fhoireann agus tabharfaidh an bua seo misneach do mhuintir Chaisleán an Chomair tar éis gur chaill siad an chéad chluiche sraithe a bhí acu.
Jack Buggy agus Jamie Holohan a fuair an da chúl eile do Rogha Éireann agus d’aimsigh James Bergin cúl Chláraigh ó phoc éirice. Scór deiridh: Rogha Éireann 3-16 Clárach 1-13.
Cuireadh tús, freisin, le Craobhchomórtas Sinsir Peile Laoise aréir nuair a fuair Mainistir Bhaile an Ruáin an ceann is fearr ar Chumann Naomh Seosamh ar scór 1-09 go dtí 0-11 a bhuíochas do chúl deireanach sa 65ú nóiméad ó Dhiarmuid Whelan. Chríochnaigh Whelan an cluiche le 1-05 do Mhainistir Bhaile an Ruáin agus d’aimsigh Josh O’Brien agus Dylan Doyle 0-4 an duine do Naomh Seosamh.