Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Na Socruithe Déanta do Chluichí Leathcheannais na hÉireann agus Fios ag Gaoth Dobhair agus An Spidéal cá bhfuil á dTriall i 2019

Fios a thrialla ag Mervyn O'Donnell is ag muintir Ghaoth Dobhair

Fios a thrialla ag Mervyn O'Donnell is ag muintir Ghaoth Dobhair

Le Pádraig Ó Ciardha do tuairisc.ie

Tá na socruithe déanta do chluichí Ghaoth Dobhair agus an Spidéil i mbabhtaí leathcheannais peile na hÉireann sa bhliain nua.

Tabharfaidh Gaoth Dobhair aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann 2018, Cora Finne, i gcluiche leathcheannais na craoibhe sinsir Dé Sathairn 16 Feabhra. Is i bPáirc Sheáin Mhic Dhiarmada i gCora Droma Rúisc a imreofar an cluiche ag 1.30pm agus beidh sé á chraoladh beo ar TG4.

Imreofar an cluiche leathcheannais eile sa chraobh shinsir idir Mullach na Leachta agus Crócaigh Chill Airne an lá céanna. Is i Staid Semple i nDurlas a bheidh an cluiche idir seaimpíní Laighean agus seaimpíní na Mumhan ag 3.30pm.

Roimhe sin, beidh cumann Gaeltachta eile, an Spidéal, san iomaíocht i gcluiche leathcheannais na craoibhe idirmheánaí. Beidh curaidh na Gaillimhe agus Chonnacht ag imirt i gcoinne chumann Bhéal Feirste, Naomh Éanna, Dé Domhnaigh 20 Eanáir.

Is i bPáirc Tailteann san Uaimh ag 2.00pm a bheidh an cluiche sin agus é á chraoladh beo ar TG4 chomh maith.

Beidh an cluiche leathcheannais eile idir Cill Chuimín Chiarraí agus Teach an Dá Mhíle Chill Dara á imirt ag an am céanna i bPáirc na nGael i Luimneach.