Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Tuairisc: Naomh Abán róláidir do Chill na Martra

Bhí tús buacach ag Naomh Abán ar a gcomharsan, Cill na Martra, i gcéad chluiche Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024 anocht

Bhí tús buacach ag Naomh Abán ar a gcomharsan, Cill na Martra, i gcéad chluiche Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024 anocht

Comórtas Peile na Gaeltachta 2024

Naomh Abán 3-11 Cill na Martra 0-07

Le Jamie Ó Tuama i gCill na Martra

Cuireadh tús tráthnóna le Comórtas Peile na Gaeltachta 2024 nuair a d’éirigh le Cumann Peile Naomh Abán an ceann is fearr a fháil ar a gcomharsana béal dorais, Cill na Martra, i gComórtas na Sóisear ar scór 3-10 go dtí 0-07 os comhair os cionn míle duine i bPáirc Uí Chuana, Cill na Martra.

Bhí tús láidir ag foireann Bhaile Bhúirne agus tar éis 11 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-02 go dtí 0-01. Ba é Colm Ó Murchú a d’aimsigh na scóranna do Naomh Abán.

Ag uimhir 14 do Chill na Martra bhí Nollaig Ó Laoire a bhuaigh Craobh na hÉireann le Corcaigh thiar sa bhliain 2010 ach faraor géar bhí air an pháirc a fhágáil tar éis 14 nóiméad agus é gortaithe.

Choinnigh Naomh Abán orthu agus d’éirigh le Ó Murchú cúilín eile aimsiú sa 16ú nóiméad. Go gairid ina dhiaidh sin d’aimsigh Déaglán Ó hAllamháin cúl do Naomh Abán agus bhí sé soiléir go mbeadh oíche fhada ag an bhfoireann baile. Mar sin féin, d’éirigh le Dean Mac Cárthaigh ceithre chúilín a aimsiú ó chiceanna saora do Chill na Martra le cruth níos fearr a chur ar chlár na scór. Chuaigh Naomh Abán isteach chun tosaigh ar scór 2-05 go dtí 0-05 ag leath ama.

D'aimsigh Naomh Abán an chéad cheithre scór sa dara leath agus dhá scór gleoite ó Mhaidhcí Ó Liathain ina measc. D’fhreagair Antóin Ó Loingsigh do Chill na Martra le dhá scór ghleoite dá chuid féin. Chríochnaigh Naomh Abán láidir mar sin féin agus ba iad a fuair scóranna deireanacha an chluiche agus cúl ó Críostóir Ó Tuama ina measc.

Scór deiridh: Naomh Abán 3-11 Cill na Martra 0-07.

Imreofar 26 cluiche ar fad uaidh seo go ceann trí lá i nGaeltacht Mhúscraí agus 25 club ar fad a bheidh páirteach iontu idir chomórtais na bhfear agus chomórtais na mban.

Tá sceideal iomlán Raidió na Gaeltachta agus TG4 do Chomórtas Peile na Gaeltachta le fáil anseo.

Raidió na Gaeltachta – Beo ar an raidió, ar líne agus ar an aip ar fud an domhain

ó 11.00am Dé Sathairn, 1 Meitheamh

ó 11.45am Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh

ó 10.00am De Luain, 3 Meitheamh

TG4

CLÚDACH TG4

Dé Sathairn, 1 Meitheamh - Ionad: Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

11:15 Sinsear na bhFear - Béal Átha’n Ghaorthaidh v Béal a’Mhuirthead

1:15 Cluiche ½ ceannais na mBan – Idirmheánach - Naomh Conaill v Naomh Anna Leitir Móir, Beo ar YouTube Spórt TG4

3:15 Sinsear na bhFear - An Daingean v Naomh Anna Leitir Móir, Beo ar YouTube Spórt TG4

5:15 Sóisear na bhFear - Buaiteoirí Réamhbhabhta A v Buaiteoirí Réamhbhabhta B, Beo ar YouTube Spórt TG4

7:15 Sinsear na bhFear - Cill Chartha v Buaiteoirí Béal Átha’n Ghaorthaidh / Béal a’ Mhuirthead, Beo ar YouTube Spórt TG4

Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh- Ionad: Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

11:45 Cluiche ½ ceannais Sóisear na bhFear - Laochra Locha Lao/Lios/Póil v Na Gaeil Óga/An Seanphobal, Beo ar YouTube Spórt TG4

1:45 Cluiche ½ ceannais Sóisear na bhFear - Cill na Martra / Naomh Abán / Cill Chomáin / Clann na nGael v Naomh Muire / Carna Caiseal - Beo ar YouTube Spórt TG4

3:45 Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan - Naomh Abán v Buaiteoirí Naomh Conaill/Naomh Anna Leitir Móir, Beo ar YouTube Spórt TG4

5:45 Cluiche ½ ceannais Sinsear na bhFear - An Rinn / Bhulf Tón v An Daingean / Naomh Anna Leitir Móir – Sinsear na bhFear - Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

7:45 Cluiche ½ ceannais Sinsear na bhFear - Cill na Martra v Cill Chartha / Béal Átha’n Ghaorthaidh / Béal a’ Mhuirthead - Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

An Cailín Gaelach - Beo ar Molscéal (www.facebook.com/MOLSCEALTG4/)

Dé Luain, 3 Meitheamh - Ionad: Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

10:00 Cluiche Ceannais Sóisear na mBan, Beo ar YouTube Spórt TG4

12:00 Cluiche Ceannais Sinsear na mBan

Baile Chlár na Gaillimhe v An Tearmann, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

2:00 Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain

4:00 Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear, Beo ar TG4 agus beo ar Seinnteoir TG4/Aip TG4 ar fud an domhain