Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Ó Sé ag súil le Craobh Peile f20 na Mumhan agus leis na rialacha nua

Bhí seoladh Chraobh Peile faoi 20 dalata CLG ar siúl i mBaile Átha Cliath le gairid

Bhí seoladh Chraobh Peile faoi 20 dalata CLG ar siúl i mBaile Átha Cliath le gairid

Le Jamie Ó Tuama

Seoladh Craobhchomórtas Peile f20 Dalata/CLG ag ócáid in Óstán Clayton le gairid. Thapaigh mé an deis labhairt le bainisteoir fhoireann f20 Chiarraí ag an ócáid agus thug sé suas chun dáta mé maidir leis na hullmhúcháin a bhí idir lámha aige do Chraobh Peile na Mumhan. Ní raibh ach sé seachtaine fágtha go dtí an chraobh nuair a labhair mé leis agus thug sé le fios go raibh rudaí ag teacht le chéile de réir a chéile.

‘Bheul, tá, is dócha’, a deir Ó Sé, tá sé seachtaine fágtha againn. An bhfuil muid réidh? N’fheadar an mbeidh muid riamh réidh ach táimid ag traenáil linn. Tá, is dócha, comórtaisí coláistí agus comórtaisí scoile ag cur isteach orainn ach tá muid breá sásta leis an ngrúpa atá istigh againn agus tá súil agam anois go mbeidh na coláistí ag críochnú suas. Tá na scoileanna ag críochnú suas sula i bhfad agus ba cheart go mbeadh painéal iomlán againn.

‘Tugann sé saghas ardú croí dos na héinne nuair a thagann siadsan isteach agus an painéal againn agus le cúnamh Dé beidh trí seachtaine nó ceithre seachtaine againn i dteannta a chéile i gceart. Ba cheart go mbeadh muid ullamh ansan, fén dtráth a dtiocfaidh an chéad lá d’Aibreán.’

Maidir leis na rialacha nua, tá Ó Sé den tuairim nach mbeidh sé ródhúshlánach ar na himreoirí atá tar éis a bheith ag imirt faoi na seanrialacha ag an dara agus an tríú leibhéal le tamall de sheachtainí anuas, gabháil i dtaithí orthu.

‘Tá siad dúshlánach mar nuair a chíonn tú leaid atá tar éis saorchic a fháil agus é stadaithe suas agus daoine ag béiceach air coimeád ag rith, is féidir leat rith anois leis an ‘tap and go’, a deir Ó Sé. ‘Sin iad na rudaí, ach rachaidh siad i dtaithí orthu, abair i gcomparáid leis an ngang atá againn. Ní thógfaidh sé i bhfad orthu in aon chor.

‘Ní thógfaidh sé agus beidh siad ag cabhrú lena chéile agus ag gríosadh a chéile. Tá siad cliste. Ní thógfaidh sé i bhfad ach is dóigh liom go huile is go hiomlán ag caint ar na rialacha, tógfaidh sé bliain iomlán sara mbeidh gach éinne compordach leo agus go bhfuil saghas cuma nádúrtha orthu.’

Maidir leis na rialacha is fearr le Ó Sé, luann sé na ciceanna amach, gan pasanna ar ais chuig an gcúl báire a bheith ceadaithe agus níos mó coimhlintí le haghaidh sheilbh na liathróide.

‘D’fhéadfá a rá go bhfuil deacrachtaí ag baint le gach riail ach tá buntáistí le gach riail chomh maith’, a mhíníonn Ó Sé. ‘Is breá liom nach bhfuil aon chead agat pas a thabhairt ar ais go dtí an báideoir. Má tá cosantóir ag teacht amach is féidir leat a rá anois ‘téir ina dhiaidh agus sáigh suas’. Is dócha difríocht mhór foirne is ea titim siar, a bheith ag titim siar an t-am ar fad. Is dóigh liom go bhfuil cuireadh ann anois imeacht ina dhiaidh. Sin rud mór.

‘An cic amach. Níl an ceann gairid ann agus is féidir leat brú suas arís. Tá níos mó coimhlintí ach tabhair am dósan socrú síos ó thaobh saghas patrún éigin a bheith amuigh, agus níos mó spáis a bheith amuigh agus spás a chruthú do bheirt imeacht in airde seachas ceathrar nó cúigear imeacht in airde le chéile.

‘An ‘tap and go’, is dóigh liom go bhfuil sé go hiontach. Má fhaigheann tusa saorchic mar chúlaí anois is féidir leat bogadh ar aghaidh go tapaidh agus ní féidir tú a mhoilliú síos mar a bhíodh ag tarlú.

Tá Tomás Ó Sé ag súil go mór le tús Chraobh Peile na Mumhan

Tá Tomás Ó Sé ag súil go mór le tús Chraobh Peile na Mumhan

‘An dá phointe lasmuigh den stua. Cinnte tá buntáistí agus míbhuntáistí leis sin. Sílim go bhfuil sé ródhian ar fhoirne, ach an bhfuil? Chonac Maigh Eo an lá deireanach i gcoinne na Gaillimhe. Fuaireadar seacht gcinn is dóigh liom in aon chluiche amháin. Cinnte bheadh obair déanta aige Maigh Eo ina dhiaidh san ag cinntiú nach mbeadh an spás céanna i gceist agus is dóigh liom arís, seachas a bheith ag titim siar, brúigh amach agus cuir brú ar an gcaid. Taitníonn sé sin liom.

‘An t-aon rud amháin nach dtaitníonn liom ná an báideoir ag imeacht suas fén ngort ach leithéidí Ard Mhacha ag baint úsáid iontach as. Tír Eoghain. Uíbh Fháilí, Paddy Dunican ag déanamh go hiontach ar fad leis. Is dóigh liom go bhfanfaidh sé toisc an méid sin contaetha i bhfabhar é a choimeád.’

Dar ndóigh tá samplaí feicthe againn nuair a rugadh ar an gcúl báire amach ón gcúl, mar a rinne Ronan Jones don Mhí nuair a d’aimsigh sé cúl ó 55 méadar amach in aghaidh Ros Comáin níos túisce sa tsraith.

‘B’fhéidir ach is dóigh liom go bhfuil foirne chomh maith san ag moilliú’, a deir an Ciarraíoch. ‘Tarlóidh sé. Tharla sé le Ros Comáin chomh maith. Fuaireadar báire maith in aghaidh an Dúin ach n’fheadar? Is dóigh liom go bhfuil corrlach de 20-1 go dtarlódh sé. Sin 20 go n-úsáidfidh tú báireoir ar an dtaobh eile seachas scór a dh’fháilt.’

Cuirfidh Ciarraí tús lena bhfeachtas i gCraobh na Mumhan ag tús mhí Aibreáin.