Ceapadh Paul Conroy, Gaillimh, agus Declan Hannon, Luimneach, mar Ambasadóirí ar phlean Chumann Lúthchleas Gael an Fáinne a chur chun cinn i measc bhaill an Chumainn ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh le gairid. Tá Gaeilge ag na mílte ball a bhíonn ag freastal ar na cluichí Gaelacha ach níl aon bhealach acu daoine eile a bhfuil Gaeilge acu a aithint. Réiteodh leithéidí an Fáinne é sin. Is i gcomhar le Gael Linn agus le Conradh na Gaeilge, an dá eagraíocht Ghaeilge a chuireann fáinní ar fáil, atá an feachtas seo á eagrú.
Cainteoir líofa é Paul Conroy a tógadh le Gaeilge agus is eisean a ceapadh mar Ambasadóir ar an bhFáinne Óir. Declan Hannon, a bhfuil an ‘cúpla focal’ aige, a ceapadh mar Ambasadóir ar an bhFáinne Airgid agus é de rún aige daoine ar bheagán Gaeilge a spreagadh lena labhairt.
‘Tá an Ghaeilge le feiceáil gach áit i gCumann Lúthchleas Gael. Bíonn sí le feiceáil ar na geansaithe, ar na comharthaí timpeall na staide agus, ar ndóigh, bíonn sí le cloisteáil nuair a chastar Amhrán na bhFiann. Is rud annamh é sin agus tá freagracht orainn ár dteanga a spreagadh agus a chur chun cinn. Is minic a thagann daoine suas chugam ag inseacht dom faoin ngrá atá acu don Ghaeilge agus deireann siad liom go bhfuil siad ag iarraidh í a fhoghlaim arís.’
Paul Conroy, Gaillimh
‘Ba cheart dúinn uilig a bheith fíorbhródúil as ár dteanga náisiúnta agus as ár dteanga dúchais. Is cuid dár n-oidhreacht agus dár gcultúr í. Úsáidigí an ‘cúpla focal’ chomh minic agus is féidir. Beatha teanga í a labhairt!’
Declan Hannon, Luimneach
Tá imeachtaí agus comórtais beartaithe do na míonna amach romhainn le daoine a spreagadh chun an Fáinne a chaitheamh agus spreagfar baill ó chuile chearn den tír a bheith páirteach san fheachtas.
Ag fógairt oifigiúil an phlean dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó hÓráin, atá ag freastal ar ardrang Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh faoi láthair;
‘Tá ról lárnach ag na nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus tá seifteanna dearfacha den chineál seo iontach le daoine a spreagadh chun Gaeilge a labhairt. Gach seachtain, bíonn Gaeilgeoirí ag freastal ar chluichí de chuid an Chumainn agus níl aon amhras faoi ach go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt ag na cluichí dá gcaithfí an Fáinne agus dá mbeadh bealach ag daoine Gaeilgeoirí eile a aithint.’
Is féidir fáinní a cheannach ó Gael Linn ag https://siopa.gael-linn.ie/ga/an-fáinne agus ó Chonradh na Gaeilge ag https://www.cnag.ie/ga/scoileanna/acmhainní-scoile/fainne.html