Bhí an bua ag Ráth Eanaigh ar Naomh Oilbhéar Pluincéad-Eoghan Rua i gCraobh Peile Átha Cliath aréir ar scór 2-13 go dtí 2-10. Bhí na foirne gob ar ghob go dtí an cheathrú dheireanach ach d’éirigh le Ráth Eanaigh bearna a chur idir na foirne sna nóiméid dheireanacha sin. Chríochnaigh Brian Fenton an cluiche le 1-03 do Ráth Eanaigh agus chríochnaigh Gareth Smith le 1-04 do Naomh Oilbhéar Pluincéad-Eoghan Rua. Tabharfaidh Ráth Eanaigh aghaidh ar Bhaile Buadáin-Naomh Éanna anois i gCluiche Ceathrú Ceannais Átha Cliath i bPáirc Pharnell Dé Domhnaigh.
Bhí cluichí i gCraobh Peile Laoise aréir, freisin, agus fuair An Fraoch Mór an ceann is fearr ar Ard Lios-Cill an Chruisígh. Ba iad Conor Booth (0-06) agus Daithí Carroll (1-01) a rinne an damáiste don Fhraoch Mór agus sheas Ross Munnelly (0-04) agus David Conway (0-03) amach d’Ard Lios-Cill an Chruisígh. Fuair An Ghráig an ceann is fearr ar Ard Lios-Baile Cillín sa chluiche eile a imríodh sa Chraobh aréir.
Bhí bua compordach ag Gaeil Thriúcha ar Charraig Mhachaire Rois i gCraobhchomórtas Iomána Mhuineacháin. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 4-16 go dtí 0-05.
Chríochnaigh an cluiche idir Cumann Uí Raghallaigh agus Na Gearaltaigh i gCraobh Peile Lú Dé Máirt ar comhscór – 2-11 go dtí 2-11.
Torthaí Lár na Seachtaine
Áth Cliath – Craobh Shinsir Peile
Ráth Eanaigh 2-13 Naomh Oilbhéar Pluincéad-Eoghan Rua 2-10
Laois – Craobh Shinsir Peile
An Ghráig 1-16 An tArd Lios-Baile Cillín 0-06
An Fraoch Mór 1-14 An tArd Lios-Cill an Chruisígh v0-10
Muineachán
Gaeil Thriúcha 4-16 Carraig Mhachaire Rois 0-05
Lú – Craobh Shinsir Peile
Cumann Uí Raghallaigh 2-11 Na Gearaltaigh 2-11