Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Scéal na Gaeilge

Scéal na Gaeilge

The GAA's role in assisting the preservation and promotion of the Irish language is to feature in a new series which will be broadcast on TG4 entitled 'Scéal na Gaeilge'.

In a wide-ranging two programme series commencing this weekend, the long history of the language will be charted in a new and fresh approach to the language coming at the end of Seachtain na Gaeilge.

Mar cheiliúradh ar Seachtain na Gaeilge, tá ROSG an-bhródúil a shraith ceannródach nua, Scéal na Gaeilge, a thabhairt chuig an scáileán.

Dhá chlár faisnéise is ea Scéal na Gaeilge a leanann aistear na teanga ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann.

Tríd meascán míreanna beochan, cúlraí scáthlán glas agus taifeadadh ag láithreacha stairiúla, nochtann an tsraith seo stair na Gaeilge le radharc spraíúil ar na scéalta stairiúla agus miotasacha a bhaineann léi.

Físiúil, úr agus bríomhar, tá Scéal na Gaeilge curtha i láthair agus scríofa ag Alan Titley, stiúrtha ag Diarmuid Goggins agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG.

Go minic ní bhíonn tuiscint cheart ag daoine ar céard í an Ghaeilge, céard as a dtagann sí ná cé a labhair í. Ní thuigeann siad gurb í an Ghaeilge an teanga a labhair Cú Chulainn, Naomh Pádraig, Brian Ború, Macbeth agus Dónal Ó Conaill.

Ba í teanga muintir na hÉireann í leis na mílte bliain agus d'fhan sí mar phríomh theanga na tíre go haimsir an Ghorta Mhóir.

I ngan fhios don chuid is mó de dhaonra na tíre, is í an Ghaeilge a labhair a muintir féin go dtí le cúpla glúin anuas.

Tabharfaidh Scéal na Gaeilge ar aistear spraíúil, fuinniúil, oideachasúil thú, agus muid ar thuras tríd oidhreacht cultúrtha na hÉireann.

Is iad ROSG, atá lonnaithe i gConamara, an comhlacht a thug na léiriúchán iomráitigh Cré na Cille agus Na Cloigne dúinn.

Craolfar Scéal na Gaeilge ar TG4 ar an 17ú Márta ag 20:30 GMT / 15:30 EST leis an dara chlár ag craoladh ag 20:30 GMT / 15:30 EST ar an 19ú Márta 2012. D'éinne nach féidir leo féachaint air is é ag dul amach beo, beidh sé fágtha ar chartlann TG4.tv ar feadh coicíse.

Tá Scéal na Gaeilge maoinithe ag TG4, An BAI agus Foras na Gaeilge.