Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

football

Sé chluiche le himirt i gCraobhchomórtais Peile Uladh agus Laighean an deireadh seachtaine seo

Thóg sé am breise ar Thír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar an gCabhán anuraidh. An amhlaidh a bheidh sé Dé Domhnaigh?

Thóg sé am breise ar Thír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar an gCabhán anuraidh. An amhlaidh a bheidh sé Dé Domhnaigh?

Le Jamie Ó Tuama

Sé chluiche ar fad a bheidh le himirt i gCluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtais Peile Uladh agus Laighean an deireadh seachtaine seo.

Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile Uladh

Cuirfear tús le scléip dheireadh na seachtaine i mBéal Feirste nuair a imreoidh Aontroim in aghaidh churaidh na hÉireann, Ard Mhacha. Beidh foireann Andy McEntee ar a seacht ndícheall ag iarraidh rudaí a chur ina cheart tar éis dóibh ísliú céime a fháil síos go Roinn 4 den tsraith cúpla seachtain ó shin. Maidir le foireann Kieran McGeeney, cé nár chaill siad ach trí chluiche sa tsraith bhí siad féin i mbaol íslithe céime go dtí an lá deireanach den tsraith i Roinn 1. Is cinnte gur caillteanas mór do McGeeney Rian O’Neill gan a bheith ar fáil don fhoireann i mbliana.

Cuirfidh Tír Eoghain agus an Cabhán tús lena dturas craoibhe Dé Domhnaigh nuair a imreoidh siad in aghaidh a chéile i bPáirc Uí Éilí O’Neills ar 16.15. Thóg sé am breis ar Thír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar an gCabhán i gCraobh Uladh anuraidh agus is cinnte go dtabharfaidh sé sin misneach d’fhoireann Raymond Galligan.

Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Peile Laighean

Tosóidh an spraoi i gcúige Laighean tráthnóna Dé Sathairn ar 17.00 nuair a imreoidh Cill Dara agus an Iarmhí in aghaidh a chéile. Cé go bhfuair an Iarmhí ísliú céime go Roinn 3 i mbliana, bhí go leor den tuairim go raibh mí-ádh orthu agus cé nach mbeadh Dermot McCabe sásta leis na torthaí bheadh sé sásta le go leor den mhéid a chonaic sé le linn na sraithe. Maidir le Cill Dara, d’éirigh leo ardú céime a fháil go Roinn 2 tar éis go raibh tús lag acu. Is léir gur ó neart go neart atá siad ag gabháil ó shin. Is cinnte nach mbeidh ach oiread na fríde idir na foirne sa chluiche seo.

Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Eachroim agus ar Chill Mhantáin Dé Domhnaigh ar 14.00. Cé gurb iad foireann Átha Cliath atá mar rogha na coitiantachta beidh Oisín McConville dírithe ar thaispeántas maith eile a thabhairt tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Longfort an tseachtain seo caite. Fógraíodh gurb é Con O’Callaghan a bheadh mar chaptaen ar fhoireann Átha Cliath don bhliain, cúpla lá ó shin, agus is cinnte go mbeidh O’Callaghan an-chontúirteach d’Áth Cliath i measc go leor eile.

Imreoidh an Mhí in aghaidh Uíbh Fhailí ar 14.30 i bPáirc Tailteann. Cé go raibh tús an-láidir ag an Mí leis an tsraith, mhaolaigh rudaí beagán dóibh ag deireadh na sraithe. Mar sin féin, bhí tús buacach acu leis an gcraobh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Cheatharlach an tseachtain seo caite. Maidir le hUíbh Fhailí, tá siad in áit mhaith faoi láthair tar éis dóibh Roinn 3 de Shraitheanna Peile Allianz a bhuachan coicís ó shin. Is cinnte nach mbeidh ach scór nó dhó idir na foirne Dé Domhnaigh.

Is i bPáirc Naomh Connladh Cedral a imreoidh Lú in aghaidh Laoise ar 15.00 Dé Domhnaigh. Bhí deich gcúilín le spáráil ag Laois ar Loch Garman an tseachtain seo caite agus beidh Justin McNulty ag súil le taispeántas maith eile óna fhoireann Dé Domhnaigh. Maidir le Ger Brennan, beidh sé sásta leis an gcaoi a bhfuil an bhliain ag gabháil dá fhoireann in ainneoin go raibh tús lag acu le Roinn 2 den straith. Mar sin féin, buille mór dóibh nach mbeidh Sam Mulroy acu do Chraobh Laighean de bharr gortaithe. Chríochnaigh Lú mar thánaistí i gCraobh Laighean anuraidh agus beidh siad ar a seacht ndícheall a thaispeáint do dhomhan mór CLG nach trí thaisme a tharla sé sin.

Cluichí dheireadh na seachtaine

Dé Sathairn

Ulaidh - Antroim agus Ard Mhacha, Páirc Uí Chorragáin, 12.30, BBC

Laighin – Cill Dara agus An Iarmhí, Páirc Naomh Connladh Cedral, 19.00, GAA+

Dé Domhnaigh

Laighin – Cill Mhantáin agus Áth Cliath, Páirc Echelon, Eachroim, 14.00

Laighin – An Mhí agus Uíbh Fhailí, Páirc Tailteann, 14.30

Laighin – Lú agus Laois, Páirc Naomh Connladh Cedral, 15.00

Ulaidh – Tír Eoghain agus An Cabhán, Páirc Uí Éilí O’Neills, 16.15, RTÉ agus BBC