Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Seán Hurson ceaptha le gabháil i mbun réiteoireachta ar Chluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann

Is é Seán Hurson as Tír Eoghain a bheidh i mbun na feadóige ag Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann 2024

Is é Seán Hurson as Tír Eoghain a bheidh i mbun na feadóige ag Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann 2024

Tá an-áthas ar Chumann Lúthchleas Gael a dhearbhú gurb é Seán Hurson as Tír Eoghain a bheidh i mbun na feadóige ar Chluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann ar 28 Iúil, idir Ard Mhacha agus Gaillimh. Is é seo an dara huair do Sheán a bheith i mbun réiteoireachta ar chluiche ceannais sinsear peile.

Tá Seán ina bhall de Phiarsaigh an Ghallbhaile agus rinne sé réiteoireacht cheana ar Chluiche Ceannais Mionúr na hÉireann sa bhliain 2018, ar Chluiche Ceannais na hÉireann f20 2021, ar Chluiche Ceannais Sinsear Club na hÉireann sa bhliain 2022 chomh maith le Cluiche Ceannais Sinsear na hÉireann idir Ciarraí agus Gaillimh sa bhliain 2022.

I gcraobhchomórtais na bliana seo, rinne Seán réiteoireacht ar Ros Comáin in aghaidh Mhaigh Eo i gCraobh Chonnacht, dhá chluiche ghrúpa idir Ciarraí agus Muineachán agus Ard Mhacha agus Gaillimh, chomh maith leis an gCluiche Ceathrú Ceannais idir Áth Cliath agus Gaillimh.

Rinne Seán réiteoireacht ar Áth Cliath agus Ros Comáin, Ciarraí agus Muineachán agus Gaillimh agus Maigh Eo i Roinn 1 de Shraitheanna Allianz. Bhí sé i mbun na feadóige do Lú in aghaidh Fhear Manach i Roinn 2, freisin.

Beidh Cluiche Ceannais na hÉireann ar an 34ú cluiche craoibhe sinsear atá déanta aige ó rinne sé réiteoireacht don chéad uair ar chluiche craoibhe sa bhliain 2016.

Is iad Martin Coney agus Cathal Forbes, Ó Donnabháin Rosa - Ard Bó, Mel Taggart, Cumann Uí Raithile - Cluain Eo, agus Shane Dorrity, Na Fianna Oileán an Ghuail, a bheidh mar mhaoir aige.

Is iad Brendan Cawley, Cill Dara, agus Paddy Neilan, Ros Comáin a bheidh mar mhaoir thaobhlíne aige. Beidh Brendan mar réiteoir cúltaca agus beidh Derek O’Mahony, Tiobraid Árann, mar oifigeach taobhlíne.

Dé Domhnaigh, 28 Iúil

Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann, CLG

Ard Mhacha agus Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 3.30in, RTÉ/BBC

Réiteoir: Seán Hurson (Tír Eoghain)

Réiteoir Cúltaca: Brendan Cawley (Cill Dara)

Maoir Thaobhlíne: Paddy Neilan (Ros Comáin)

Oifigeach Taobhlíne: Derek O’Mahony (Tiobraid Árann)