Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Shane Dowling éirithe as de bharr gortaithe

Shane Dowling le cúl cinniúnach do Luimneach i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann sa bhliain 2018

Shane Dowling le cúl cinniúnach do Luimneach i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann sa bhliain 2018

Fuair muintir Luimnigh, agus lucht iomána trí chéile, an drochscéal inné go bhfuil Shane Dowling tar éis éirí as painéal iomána Luimnigh de bharr gortaithe glúine atá ag cur as dó le fada an lá agus gan é ach 27. Chuaigh Shane faoi scian le gortú glúine trí huaire cheana agus bhí an chosúlacht ar an scéal go mbeadh air gabháil faoi scian arís eile leis an ngortú céanna.

I ráiteas a d’eisigh Shane inniu thug sé le fios go raibh sé croíbhriste gur fágadh é gan aon rogha ach an cinneadh seo a thógáil. I measc go leor eile ghabh sé buíochas lena theaghlach, leis na himreoirí uilig a d’imir leis agus leis an triúr bainisteoirí idirchontae a bhí aige – John Allen, TJ Ryan agus John Kiely.

Ó d’imir sé a chéad chluiche le Luimneach thiar sa bhliain 2012 d’aimsigh sé 21-292 ar fad sa 59 cluiche sraithe agus craoibh a d’imir sé. Bhuaigh sé Gradam All-Star sa bhliain 2014 mar aitheantas ar a chuid éachtaí. Bhuaigh sé Craobh Uile-Éireann lena chlub, Na Piarsaigh, sa bhliain 2016 agus bhuaigh sé Craobh Uile-Éireann le Luimneach sa bhliain 2018. D’aimsigh sé cúl cinniúnach sa chluiche ceannais sin in aghaidh na Gaillimhe.

Tá slán fágtha ag muintir Luimnigh le laoch mór dá gcuid.