Le Jamie Ó Tuama
Fógraíodh gur éirigh Seamus Hickey as painéal iomána Luimnigh inné, 4 Nollaig, tar éis dó dhá bhliain déag a chaitheamh ag imirt leo. D’imir Hickey lena chontae dúchais don chéad uair thiar sa bhliain 2006, nuair a thug siad aghaidh ar Laois i bPáirc Uí Mhórdha sa tSraith Náisiúnta.
Ó shin i leith, bhuaigh sé Craobh an Mumhan le Luimneach sa bhliain 2013. Bhuaigh sé gradam All-Star sa bhliain 2014 agus bhuaigh sé Craobh na hÉireann leo i mbliana, dar ndóigh.
Dúirt sé gur mhór an phribhléid dó deis a bheith aige imirt lena chontae. Ghabh sé buíochas ar leith lena chlub Maigh Rua-An Bóthar, le Cumann na nImreoirí agus leis na bainisteoirí agus na cóitseálaithe uilig a bhí aige. Dúirt sé go raibh sé ag súil go mór le ham a chaitheamh lena bhean chéile agus lena chlann anois agus ghabh sé buíochas leo as ucht a gcuid tacaíochta uilig thar na blianta.
Gach rath ar Sheamus don todhchaí.