Seoladh sraith gníomhaíochtaí ómóis, B100dy Sunday – The GAA Remembers, dóibh siúd a cailleadh ar Dhomhnach na Fola inné, 2 Meán Fómhair. Is é aidhm an chláir imeachtaí seo ná scéal an lae is duairce i stair Chumann Lúthchleas Gael a inseacht do mhuintir na hÉireann chomh maith le scéal an 14 a maraíodh.
Cuirfear sraith físeán amach uaidh seo go ceann deich seachtaine ar ardáin chumarsáide CLG ina n-insítear scéal an 14 ag tosú an tseachtain seo le Jane Boyle. Chum an ceoltóir clúiteach Colm Mac an Iomaire an píosa ceoil ‘More Than a Game’ thar ceann Chumann Lúthchleas Gael agus tá sé sin le cloisteáil sna físeáin.
Tá rannóg nua ar shuíomh idirlín CLG ina mbeidh scéalta agus eolas maidir le Domhnach na Fola ar fáil ann. Beidh podchraoladh in aisce le Michael Foley, údar an leabhair a scríobhadh faoi Dhomhnach na Fola, ‘The Bloodied Field’, ar fáil ar an suíomh amach anseo, freisin.
I measc na rudaí eile a bheidh ar siúl idir seo agus 21 Samhain beidh clár teilifíse bunaithe ar ‘The Bloodied Field’ a bheidh á dhéanamh ag Twopair Films i gcomhar le Rannóg Chumarsáide CLG do RTÉ. Beidh 14 dráma á léiriú ag Amharclann na Mainistreach. Beidh leac cuimhneacháin le cur suas agus beidh searmanas cuimhneacháin ar siúl ar 21 Samhain.