Cothrom an lae inné an bhliain seo caite a d’fhoilsigh Coiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael Straitéis an Chumainn don Ghaeilge agus ó sheol Uachtarán CLG, Seán Ó hÓráin, an straitéis go hoifigiúil ag Comórtas Peile na Gaeltachta.
I measc na nithe éagsúla atá luaite sa straitéis tá áit na Gaeilge ar ardáin chumarsáide an Chumainn, an tábhacht a bhaineann leis na struchtúir don Ghaeilge a dhaingniú, comhoibriú idir an Cumann agus eagraíochtaí eile a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus go leor leor eile.
Dúirt Seosamh Mac Donncha, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG:
'Má éiríonn leis an straitéis meon na ndaoine a tharraingt ar thábhacht na Gaeilge mar chuid dár nGaelachas agus má dhaingnítear an nasc idir an Ghaeilge agus na cluichí, níl aon dabht ach go mbeidh áit lárnach ag CLG i measc mhórphobal na Gaeilge.'
Is féidir teacht at Straitéis Chumann Lúthchleas Gael don Ghaeilge anseo: