Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Achoimre ar na Cluichí sna Craobhchomórtais Peile agus Iomána Dé Céadaoin

Neart Géarchoimhlintí i gCraobhchomórtais Peile agus Iomána Aréir

Neart Géarchoimhlintí i gCraobhchomórtais Peile agus Iomána Aréir

Bhí buanna ag Sáirséalaigh Leamhcáin agus ag Naomh Uinsionn i nGrúpa 1 de Chraobh Iomána Átha Cliath aréir. Bhí farasbarr de 13 cúilín ag Naomh Uinsionn ar Naomh Eoin, Baile an tSaoir, ach bhí ar Sháirséalaigh Leamhcáin oibriú go han-chrua chun bua dhá chúilín a fháil ar Naomh Oilibhéar Pluincéad-Eoghan Rua.

Thug Cill Mochuda Na Crócaigh taispeántas láidir eile i nGrúpa 2 le bua 12 cúilín ar Chraobh Chiaráin. Bhí na Crócaigh chun tosaigh ar scór 1-13 go dtí 0-03 ag leatham agus ba é Alex Considine a d'aimsigh an cúl dóibh. Chríochnaigh Marc Howard le 0-06, Fionn Ó Ceallaigh le 0-04 agus Ronan Hayes le 0-04 do na Crócaigh. Sa chluiche eile i nGrúpa 2 níor léirigh Baile Buadáin Naomh Éanna aon trócaire do Scoil Uí Chonaill agus chríochnaigh na foirne ar scór 4-26 go dtí 0-06 i bhfabhar mhuintir Ráth Fearnáin.

Bhí dhá chúl le spáráil ag Naomh Bríd ar Naomh Jude i nGrúpa 3 agus ní raibh idir na foirne ach cúl sa chluiche idir Fionnbhrú Colmcille agus Fág an Bealach. Bhuaigh muintir Fhionnbhrú ar scór 3-15 go dtí 1-18. Chríochnaigh Danny Sutcliffe le 1-10 do Naomh Jude agus ba iad Cathal O’Brien agus Cian O’Sullivan is mó a sheas amach do Naomh Bríd.

D’éirigh leis Na Fianna an ceann is fearr a fháil ar Thomás Dáibhís agus d’éirigh le Cuala an ceann is fearr a fháil ar Setanta sna cluichí i nGrúpa 4.

Tar éis dhá bhabhta cluichí tá Naomh Bríd, Naomh Uinsionn, Sáirséalaigh Leamhcáin, Cill Mochuda Na Crócaigh, Na Fianna agus Cuala tar éis na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach.

I gCraobhchomórtas Peile Aontroma bhí buanna ann do Chumann Chiceam, An Creagán, do Naomh Bríd agus do Chlann na hÉireann. Chríochnaigh Naomh Eoin agus Cumann Uí Dhonnabháin Rossa ar comhscór – 1-08 go dtí 0-11.

Fuair Baile na Lorgain an ceann is fearr ar Ghaeil Thriúcha agus fuair Carraig Mhachaire Rois an ceann is fearr ar Inis Caoin i gCraobh Iomána Mhuineacháin.

Áth Cliath – Craobh Shinsir Iomána

Sáirséalaigh Leamhcáin 2-15 Naomh Oilbhéar Pluincéad-Eoghan Rua 1-16

Naomh Uinsionn 1-25 Naomh Eoin, Baile an tSaoir 0-15

Cill Mochuda Na Crócaigh 1-22 Craobh Chiaráin 0-13

Baile Buadáin Naomh Éanna 4-26 Scoil Uí Chonaill 0-06

Fionnbhrú Colmcille 3-15 Fág an Bealach 1-18

Naomh Bríd 3-17 Naomh Jude 1-17

Na Fianna 4-16 Tomás Dáibhís 1-13

Cuala 1-22 Setanta 0-12

Aontroim – Craobh Shinsir Peile

Cumann Chiceam, An Creagán 1-10 Cumann Ruairí Mhic Asmaint 1-07

Naomh Eoin 1-08 Cumann Uí Dhonnabháin Rossa 0-11

Naomh Bríd 1-17 Naomh Séamas 1-12

Clann na hÉireann 2-09 Naomh Muire, Achadh Ghallan 0-12

Muineachán – Craobh Shinsir Iomána

Baile na Lorgain 2-17 Gaeil Thriúcha 1-09

Carraig Mhachaire Rois 1-14 Inis Caoin 0-14