Le Jamie Ó Tuama
Labhair Ciarán Kilkenny, Declan Hannon agus Máire Treasa Ní Cheallaigh ag seisiún plé maidir le tábhacht na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael ag Zeminar 2018 san RDS inné. Niamh Ní Chróinín, bainisteoir Raidió Rí-Rá, a bhí mar bhean tí ag an ócáid seo a d’eagraigh Conradh na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge.
Mhol an t-iriseoir spóirt, Máire Treasa Ní Cheallaigh, Cumann Lúthchleas Gael as na rudaí éagsúla a dhéanann siad chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Dúirt sí gur ‘seoid a bhí sa gCumann de bharr an nasc a bhí aige leis an bpobal agus leis an nGaeilge’. Labhair sí go paiseanta, freisin, faoi pheil na mban. Dúirt sí gur ábhar mór sásaimh di an fás mór millteach a bhí tagtha uirthi ó cuireadh Cumann Pheil na mBan ar bun thiar sa bhliain 1974.
Ba le bród a labhair Ciarán Kilkenny faoin ról atá ag an nGaeilge ina shaol féin agus ina chlub. Luaigh sé an ciorcal comhrá a bhíonn ar siúl ina chlub, CLG Chaisleán Cnucha, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le ról an Oifigigh Ghaeilge sa chlub. Dúirt sé go mbíonn comórtas seachtar an taobh ar siúl ann le linn Sheachtain na Gaeilge agus go mbíonn sé ag Gaeilgeoireacht go minic le cuid de imreoirí Átha Cliath.
Dúirt captaen iomána Luimnigh, Declan Hannon, go raibh aiféala air nach bhféadfadh sé a óráid bhuachana uilig a dhéanamh trí Ghaeilge tar éis dó Corn Liam Mhic Cárthaigh a ardú do Luimneach i mbliana. Dúirt sé, áfach, go raibh sé an-bháúil don Ghaeilge - cé nach raibh Gaeilge líofa aige. Dúirt sé gurbh é an nath cainte Gaeilge is fearr leis ná ‘an rud is annamh is iontach’!