Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Tomás Ó Flathara faoi Agallamh ar Phodchraoladh #GAAgaeilge

16-9_Episode 2

16-9_Episode 2

Le Jamie Ó Tuama

San eagrán is deireanaí de phodchraoladh oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael, a bhíonn á chur i láthair ag lucht An Spota Dubh ó Raidió na Life, labhraíonn Tomás Ó Flatharta faoina shaol ‘caide’. Insíonn sé scéalta dúinn faoina óige i mBaile an Fheirtéaraigh agus labhraíonn sé faoin laoch mór a bhí aige is é ina ghasúr, Mick O’Connell.

Éist leis an bpodchraoladh anseo: https://soundcloud.com/user-147517856/an-spota-dubh-ag-caint-le-tomas-o-flatharta

Déanann sé cur síos ar na laethanta a chaith sé ag filleadh ó Bhaile Átha Cliath gach deireadh seachtaine le himirt leis an nGaeltacht agus ar na laethanta imeartha a bhí aige le Cuala agus le Crócaigh Chill Mochuda i mBaile Átha Cliath, ina dhiaidh sin.

Labhraíonn sé, freisin, faoi na fadhbanna agus na buanna éagsúla a bhí aige is é ina roghnóir faoi stiúir Pháidí Uí Shé agus, níos faide anonn, ina bhainisteoir ar an Iarmhí, ar Ghaillimh agus ar Laois. Insíonn sé dúinn cérbh iad na himreoirí is tiomanta agus is fearr a d’imir ar fhoirne dá chuid.

Míníonn sé, freisin, go bhfuil sé ag baint taitnimh as na rólanna éagsúla cóitseála a bhí aige le tamall de bhlianta anuas.

Ná caill amach ar an eagrán seo den phodchraoladh!