Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

hurling

Tús á chur le Craobhchomórtais Uí Rinn, Mhic Riocaird agus Uí Mheachair an deireadh seachtaine seo

Cuirfidh Gerard Gilmore agus iománaithe Dhún na nGall tús lena dturas i gCraobhchomórtas Chríostóir uí Rinn an deireadh seachtaine seo

Cuirfidh Gerard Gilmore agus iománaithe Dhún na nGall tús lena dturas i gCraobhchomórtas Chríostóir uí Rinn an deireadh seachtaine seo

Le Jamie Ó Tuama

Cuirfear tús le Craobhchomórtais Uí Rinn, Mhic Riocaird agus Uí Mheachair agus le scléip na gcraobhacha iomána an deireadh seachtaine seo.

Craobhchomórtas Chorn Labhraí Uí Mheachair

Le tús a chur le Craobh Labhraí Uí Mheachair Dé Sathairn, imreoidh Lancaisír in aghaidh an Longfoirt in Ionad Barr Feabhais Bhaile an Aba i mBaile Átha Cliath ar 14.00. Ba iad an Longfort a bhí mar thánaistí sa chomórtas seo anuraidh agus níl aon amhras ach go mbeidh siad dírithe ar ghabháil céim níos faide sa chomórtas i mbliana agus ardú céime a fháil chuig Craobh Niocláis Mhic Riocaird i 2026.

Imreoidh Muineachán in aghaidh Liatroma sa chluiche eile i bPáirc Grattan, Inis Caoin, ar 13.00 an lá céanna agus is cinnte go mbeidh Arthur Hughes agus iománaithe Mhuineacháin dírithe go hiomlán ar fhilleadh an athuair ar Chraobh Nickey Rackard i 2026.

Imreoidh Warwickshire in aghaidh an Chabháin ar 14.00 i bPáirc na hÉireann, Birmingham, Dé Domhnaigh sa chluiche eile i gCraobh Uí Mheachair.

Glacfaidh Nua-Eabhrac páirt sa chraobh i mbliana don chéad uair agus imreoidh siad in aghaidh na foirne a chríochnaíonn sa dara háit sa ghrúpa i gcluiche leathcheannais na bliana seo.

Craobhchomórtas Chorn Niocláis Mhic Riocaird

Cuirfear tús le Craobh Niocláis Mhic Riocaird Dé Sathairn nuair a imreoidh Maigh Eo in aghaidh Ros Comáin i bPáirc Mhic Éil Hastings ar 15.00. Imreoidh Sligeach in aghaidh Lú i bPáirc Markievicz ag an am céanna. Beidh Maigh Eo ach go háirithe ag iarraidh gabháil céim níos faide i mbliana agus an corn a bhuachan tar éis dóibh cluiche ceannais na bliana seo caite a chailleadh in aghaidh Dhún na nGall.

Imreoidh Fear Manach in aghaidh Ard Mhacha i bPáirc Brewster ar 14.00 Dé Domhnaigh. Rinne iománaithe Fhear Manach gaisce anuraidh nuair a bhuaigh siad Corn Labhraí Uí Mheachair. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh tús láidir a chur leis an gcomórtas lena n-áit a dhaingniú sa chraobh ach beidh go leor le rá ag iománaithe an Úlloird faoi sin!

Craobhchomórtas Chorn Chríostóir Ui Rinn

Imreofar trí chluiche i gCraobh Chríostóir Uí Rinn Dé Sathairn. Ar 13.00 imreoidh An Mhí in aghaidh Londan i mBaile Átha Troim agus imreoidh Cill Mhantáin in aghaidh Thír Eoghain i bPáirc Echelon, Eachroim, ag an am céanna.

Imreoidh Doire in aghaidh Dhún na nGall i bPáirc na gCeilteach ar 15.00. Bhí Doire sa chluiche ceannais anuraidh agus beidh siad ag súil lena thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i mbliana. Maidir le Dún na nGall, tháinig siad aníos as Craobh Niocláis Mhic Riocaird anuraidh. Ní fhéadfaidís tús níos deacra a bheith acu leis an gcraobh.

Mar sin féin, beidh gach foireann ag ceapadh go bhfuil seans acu an cluiche ceannais a bhaint amach sna craobhchomórtais seo uilig agus is cinnte go bhfuil iomaíocht ghéar amach romhainn uaidh seo go ceann cúpla mí.

Bainimis taitneamh as an scléip atá amach romhainn.