Le Jamie Ó Tuama
Bhí tús buacach le réimeas Liam Sheedy mar bhainisteoir ar Thiobraid Árann nuair a fuair a fhoireann an ceann is fearr ar churaidh na hÉireann, Luimneach, i Sraith Iomána Shinsir chúige Mumhan aréir, 14 Nollaig.
Ní raibh ach oiread na fríde idir na foirne sa gcluiche seo a imríodh os comhair 3,000 i bPáirc na nGael ach d'éirigh le Tiobraid Árann an bua a fháil ar scór 4-14 go dtí 2-17 sa deireadh.
Bhí Seamus Callanan i measc na scórálaithe do Thiobraid Árann. D'aimsigh sé 2-08 agus poc éirice sa gcéad nóiméad san áireamh. Bhí Aaron Gilane le 1-08 agus David Reidy le 1-03 i measc na scórálaithe do Luimneach.
Dúirt John Kiely go raibh sé féin sásta le hiarrachtaí a fhoirne in ainneoin gur chaill siad, tar éis an chluiche.