Fáilte chuig gaa.ie - suíomh oifigiúil CLG

Tús curtha le Craobh Iomána Loch Garman

An tAbhallort-An Bealach in aghaidh Naomh Máirtín

An tAbhallort-An Bealach in aghaidh Naomh Máirtín

Cuireadh tús le Craobh Iomána Pettitts SuperValu Loch Garman Dé hAoine seo caite, 17 Iúil, nuair a thug Naomh Máirtín aghaidh ar an Abhallort-An Bealach i bPáirc Loch Garman Chadwicks. Thug Naomh Áine aghaidh ar Ráth an Iúir an oíche chéanna i mBellfield, Inis Córthaidh.

I bPáirc Loch Garman Chadwicks bhí féasta mór cúl ag a raibh i láthair – ocht gcinn ar fad, cúig cinn ag Naomh Máirtín agus trí cinn ag an Abhallort-An Bealach. Billy Dunne, Tomás Storey agus Martin Óg Storey a d’aimsigh na cúil do fhoireann Liam Dunne agus Jack O’Connor le péire agus Jake Firman le trí cinn a d’aimsigh na cúil do fhoireann John Meyler, Naomh Máirtín.

Chríochnaigh O’Connor an cluiche le 2-09 agus Firman le 3-03 do na curaidh reatha, Naomh Máirtín. D’aimsigh Dunne 1-09 don Abhallort-An Bealach. Cuireadh Shaun Murphy den pháirc don Abhallort-An Bealach sa dara leath.

Ní raibh ach dhá chúilín idir Naomh Áine agus Ráth an Iúir in Inis Córthaidh i nGrúpa C. Ba ag muintir Naomh Áine an lá ar scór 1-25 go dtí 3-17.

Thug Síol Maolúir aghaidh ar Ropairí na Réaltsoilse Dé Sathairn agus d’imir Naomh Aodán, Fearna, in aghaidh Ruagairí na Faiche. D’éirigh le Síol Maolúir agus le Ruagairí na Faiche an lámh in uachtar a fháil sna cluichí sin.

Imreofar an chéad bhabhta eile cluichí i gCraobh Iomána Pettitts SuperValu Loch Garman ar an deireadh seachtaine seo chugainn.

Torthaí ó Chraobh Shinsir Iomána Átha Cliath:

17 Iúil

Grúpa A

Naomh Máirtín 5-19 An tAbhallort-An Bealach 3-16

Grúpa C

Naomh Áine 1-25 Ráth an Iúir 3-17

18 Iúil

Gróup D

Ropairí na Réaltsoilse 2-09 Síol Maolúir 2-14

Grúpa B

Naomh Aodán, Fearna 0-16 Ruagairí na Faiche 2-11