Cuireadh tús an athuair le Craobhchomórtais Peile Laoise agus Uíbh Fhailí aréir, 24 Lúnasa, agus tugadh féasta mór cúl dúinn sa dá chraobhchomórtas sin. 25 cúl ar fad a aimsíodh sna seacht gcluiche a imríodh sa dá chraobhchomórtas sin.
Seacht gcúl ar fad a d’aimsigh Cumann Uí Dhíomasaigh i gCraobh Laoise in aghaidh Choill na Cúirte. Ba iad Michael Finlay le trí cinn, Matthew Finlay le péire agus ceann an duine ó Mark Barry agus Dan McCormack a fuair na cúil do Chumann Uí Dhíomasaigh. Fuair Paul O’Flynn cúl do Choill na Cúire agus chríochnaigh Danny Luttrell le 0-08. An scór deiridh: 7-10 go dtí 1-16.
Fuair An Baile Fionn an ceann is fearr ar Ros Fhionnghlaise ar scór 3-10 go dtí 2-12 agus fuair Port Laoise an ceann is fearr ar Bhaile Uí Laigheanáin ar scór 1-08 go dtí 0-05 sa dá chluiche eile a imríodh i gCraobh Laoise.
Bhí buanna ag Éadan Doire ar Na Seamróga, ag an bhFéar Bán ar Bhreacánach, ag Clóirtheach ar Cheapach an Churraigh agus ag Ród ar An Tulach Mhór i gCraobh Uíbh Fhailí.
Fuair Droichead Mhaigh Eo an ceann is fearr ar Chumann Sheáin Uí Mháirtín, An Gleann, i gCraobhchomórtas Peile an Dúin. Sin an chéad bhua ag muintir Dhroichead Mhaigh Eo sa chraobh i mbliana tar éis dóibh an chéad chluiche craoibhe a chailleadh in aghaidh Chill Chua.
Torthaí Peile na hOíche Aréir
Laois – Craobh Shinsir Peile
Cumann Uí Dhíomasaigh 7-11 Coill na Cúirte 1-17
An Baile Fionn 3-10 Ros Fhionnghlaise 2-12
Port Laoise 1-08 Baile Uí Laigheanáin 0-05
Uíbh Fhailí – Craobh Shinsir Peile
Éadan Doire 2-16 Na Seamróga 0-11
An Féar Bán 4-15 Breacánach 1-13
Clóirtheach 3-10 Ceapach an Churraigh 1-15
Ród 1-14 An Tulach Mhór 0-08
An Dún – Craobh Shinsir Peile
Droichead Mhaigh Eo 1-13 Cumann Sheáin Uí Mháirtín, An Gleann 1-11