Cuireadh tús spleodrach le Craobh Iomána na Gaillimhe ar an deireadh seachtaine seo caite. Imríodh an chéad chluiche i nGrúpa 1 den Chraobh Dé hAoine seo caite nuair a fuair Cumann Thomáis Uí Lorcáin an ceann is fearr ar Bhaile Locha Riach ar scór 1-16 go dtí 0-15. D’aimsigh Jason Flynn 0-08 do Chumann Thomáis Uí Lorcáin agus d’aimsigh Conor Gardiner an cúl dóibh. D’éirigh le Jamie Ryan 0-09 a aimsiú do Bhaile Locha Riach.
Fuair Ceapaigh an tSeagail an ceann is fearr ar Thine-Mainistir/Dún Doighre sa chluiche eile i nGrúpa 1 ar scór 4-16 go dtí 2-14. D’aimsigh Niall Collins trí chúl do Cheapaigh an tSeagail sa chluiche sin.
I nGrúpa 2 den chraobh, bhí cúilín amháin le spáráil ag Óran Mór-Meáraí ar Dhroichead an Chláirín a bhuíochas do dhá scór dheireanacha ó Conor Hannify. Chríochnaigh an cluiche sin ar scór 1-17 go dtí 0-19. Niall Burke a d’aimsigh an cúl d’Órán Mór-Meáraí.
Ní raibh d’fharasbarr ag an Turloch Mór ar Chumann Liam Uí Mhaoilíosa ach dhá chúilín sa chluiche eile i nGrúpa 2. D’aimsigh Tadhg Haran 1-10 do Chumann Liam Uí Mhaoilíosa. Barry Callanan a d’aimsigh an cúl don Turlach Mór.
I nGrúpa 3 den Chraobh, bhí bua 16 cúilín ag na Sáirséalaigh ar Phort Omna. In ainneoin an fharasbairr mhóir sin, bhí na foirne gob ar ghob agus gan fágtha sa chluiche ach 15 nóiméad. Cuireadh Joe agus Jack Canning den pháirc sa cheathrú dheireanach do Phort Omna agus níl aon amhras ach gur imir sé sin tionchar mór ar an scór deiridh. Sheas Joseph Cooney amach do na Sáirséalaigh.
Bhí dhá chúilín le spáráil ag Naomh Tomás ar an gCaisleán Gearr sa chluiche eile i nGrúpa 3, tar éis go raibh siad taobh thiar ar scór 3-15 go dtí 0-18 tar éis 42 nóiméad.
Torthaí i gCraobh Iomána na Gaillimhe
Grúpa 1
Cumann Thomáis Uí Lorcáin 1-16 Baile Locha Riach 0-15
Ceapaigh an tSeagail 4-16 Tine-Mainistir/Dún Doighre 2-14
Grúpa 2
Órán Mór-Meáraí 1-17 Droichead an Chláirín 0-19
An Turloch Mór 1-17 Cumann Liam Uí Mhaoilíosa 1-15
Grúpa 3
Naomh Tomás 2-23 An Caisleán Gearr 3-18
Na Sáirséalaigh 4-22 Port Omna 0-18