Le Jamie Ó Tuama
Bunaíodh Cumann Báire Chaoimhín thiar sa bhliain 1902 agus, ó shin i leith, tá an club ag freastal ar mhuintir dheisceart chathair Átha Cliath. Ba iad iarscoláirí Shráid Synge agus Craobh Chaoimhín de Chonradh na Gaeilge a bhunaigh an club mar chumann iománaíochta an chéad lá cé go mbíodh peil, lúthchleasaíocht agus liathróid láimhe á n-imirt ann ó am go chéile le linn na mblianta tosaigh. Ba é an cluiche corr an t-aon chluiche Gaelach nach raibh á imirt sa chlub, ach, cuireadh sin ina cheart le cúpla bliain anuas!
In ainneoin go mbíodh Peil Ghaelach á himirt sa chlub agus go raibh an-rath ar an gclub sa pheil sna blianta tosaigh, socraíodh i 1949 go ndíreodh Cumann Chaoimhín ar an iománaíocht go príomha. Bhí baint ag iarscoláirí Shráid Synge le bunú an chlub an chéad lá ach bhí cead ag duine ar bith ón gceantar imirt leo. Nuair a bhunaigh muintir Shráid Synge an dara club, áfach, socraíodh nach mbeadh cead ach ag scoláirí nó iarscoláirí de chuid na scoile amháin imirt leis an gclub sin. Ag eascairt ón méid sin socraíodh go ndíreodh Cumann Chaoimhín ar an iománaíocht agus go ndíreodh Sráid Synge ar an bpeil.
Ábhar bróid agus sprioc mhór de chuid an chlub ná áit shóisialta fháilteach a chur ar fáil do mhórphobal an cheantair ar fad agus go n-úsáidfí an club mar lárionad agus mar thearmann sóisialta. Tá ról fíorthábhachtach ag an gclub sa cheantar mar a thug Oifigeach Gaeilge an chlub, Cian O’Carroll, le fios:
‘’Tá an club an-tábhachtach don sláinte agus don chiorcal cairde atá ag na páistí sa cheantar seo. Tá an t-ádh orainn go bhfuil Cumann Báire Chaoimhín ann mar níl aon chumann iománaíochta agus camógaíochta eile sa chathair. Nuair atá na páistí sa chlub níl siad ar na sráideanna agus tá siad i mbun rudaí sláintiúla.
Tá go leor daoine ag obair go dian chun saol sábháilte a chruthú do na páistí agus do na daoine fásta. Sin an cineál club atá ann.’’
Mar sin féin, tá dúshláin áirithe ag baint le Cumann Báire Chaoimhín nach bhfuil ag baint le go leor clubanna eile. Deir O’Carroll;
‘’Club cathrach atá i gCumann Báire Chaoimhín agus tá deacrachtaí ar leith ag baint leis sin, freisin. Níl mórán áiteanna glasa sa cheantar agus caithfidh muid an leas is mó a bhaint as na háiteanna glasa atá againn.’’
Thiar sa bhliain 2013 shocraigh an club straitéis a chur le chéile chun an club a fhorbairt agus a fhás. Bhí an-rath ar an straitéis sin agus tar éis trí bliana bhí dhá oiread níos mó ball acu. Chonaic lucht an chlub, mar sin féin, go bhféadfadh tuilleadh fáis teacht ar an gclub ach go háirithe nuair a thug siad faoi deara go raibh tuismitheoirí ag fágáil a gcuid páistí ag seisiúin traenála agus go raibh siad ag imeacht leo ina dhiaidh sin.
Is é Dáithí Ó hAoláin atá mar 'Oifigeach an Chumainn Fholláine' sa chlub ó 2018 i leith. Thosaigh sé ag déanamh a mhachnaimh ar an gcaoi is fearr le tuismitheoirí a choinneáil sa chlub. Ní hamháin sin, ach bhí sé ag iarraidh iad a mhealladh le páirt ghníomhach a bheith acu sa chlub a fhad is go raibh a gcuid páistí ag traenáil. Bhí sé ag iarraidh lárionad sóisialta a chruthú do mhórphobal an cheantair sa chlub. Is uaidh sin a thosaigh an club ag glacadh páirte san ‘iománaíocht shóisialta’. Labhair Cian O’Carroll faoin ról atá ag an iománaíocht shóisialta sa chlub:
‘’Buaileann daoine le chéile gach seachtain le haghaidh cluiche sóisialta. Ní raibh mórán ann ag an tús ach nuair a chuaigh an scéal thart go raibh neart craic ann bhí go leor daoine ag iarraidh imirt.’’
D’éirigh go hiontach leis sin ach thug lucht an chlub faoi deara gur fir den chuid ba mhó a bhí ag freastal ar an iománaíocht shóisialta. Thuig Ó hAoláin go gcaithfeadh siad na tuismitheoirí mná a mhealladh chuig an gclub, freisin. Smaoinigh siad ar ‘Peil Ghaelach do Mháithreacha’ ach, de bharr nach raibh peil á himirt sa chlub, níor bhac siad leis sin. Sa deireadh shocraigh siad ar chluiche corr a chur ar siúl sa chlub. Mar a mhínigh Dáithí Ó hAoláin:
‘’Bhreathnaigh muid ar chúpla féidearthacht. Labhair mé le cuid de na tuismitheoirí agus gach uair ar luaigh mé cluiche corr leo gheal a n-aghaidheanna! Luaigh siad uilig gur imir siad agus iad óg agus shocraigh muid go dtriailfeadh muid é.
Shocraigh muid go dtabharfadh muid ceithre seachtaine dó agus go mbeadh rúinne beag craic againn leis. Ba ó neart go neart a chuaigh sé uaidh sin amach! Níorbh fhada go raibh na tuismitheoirí sin a bhíodh ag fágáil a gcuid páistí ag traenáil agus ag imeacht ag glacadh páirte sa chlub iad féin.
Chuaigh an scéal thimpeall sa cheantar agus níorbh fhada go raibh éileamh an-mhór air. Ghlaoigh bean as Maigh Eo a bhí ina cónaí sa cheantar agus a d’imir cluiche corr nuair a bhí sí óg orainn agus chláraigh sí mar bhall leis an gclub. Ghlaoigh fear as an India orainn agus chláraigh sé leis an gclub. Bhí seal caite aige i mBaile Átha Luain agus d’imir sé le Naomh Crón i Ros Comáin!''
D’oscail an cluiche corr i gCumann Báire Chaoimhín doras do go leor daoine eile i ndeisceart chathair Átha Ciath agus is ó neart go neart atá an cluiche ag gabháil sa cheantar ó shin. Tá baill acu anois ón gCéim, ó Thamhlacht agus ó go leor ceantar eile ar an taobh ó dheas de chathair Átha Cliath a thagann chuig an gclub le cluiche corr a imirt. De bharr an fháis sciobtha a tháinig ar an gcluiche in achar gearr shocraigh siad cur isteach ar chomórtais craoibhe de chuid Chluiche Corr CLG. Bhuaigh siad cluiche don chéad uair cúpla seachtain ó shin nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Bhéal Átha na nGabhar ón Iarmhí.
Níl ach 4 chlub a imríonn cluiche corr in Áth Cliath faoi láthair ach tá Ó hAoláin go mór den tuairim go dtiocfaidh fás agus forbairt ar an gcluiche mar chaitheamh aimsire sóisialta sa phríomhchathair, ach go háirithe, sna blianta amach romhainn.
Ní iománaíocht shóisialta agus cluiche corr amháin a bhíonn ar fáil sa chlub ach an oiread. Tugtar deis do dhaoine eile ón bpobal páirt a ghlacadh sa chlub trí Scór agus trí imeachtaí eile cultúrtha a eagrú, freisin. Tá Cian O’Carroll den tuairim go bhfuil athbheochan ar na bacáin do Scór in Áth Cliath.
‘’Rinne Cóilín Ó Cearbhaill ó Bhord Contae Átha Cliath agus Liam Ó Cúlbaird ó CLG Fhine Ghalainn an t-uafás oibre le Scór a chur chun cinn in Áth Cliath i mbliana. Ní dhearna muidne ach páirt a ghlacadh ann in éineacht le roinnt clubanna eile. Ceapaim go mbeidh i bhfad níos mó clubanna ann amach anseo.’’
Labhair O’Carroll tuilleadh faoi ról Scór sa chlub agus faoin mbealach ar shocraigh Cumann Báire Chaoimhín páirt a ghlacadh ann an athuair.
‘’Iarradh orm gabháil i mbun Scór sa chlub. Bhí taifead den Chlub ag Scór feicthe agam ó 1977 agus thuig mé gur chuid thábhachtach a bhí i Scór sa chlub caoga bliain ó shin. Ní raibh mórán tar éis tarlú le roinnt blianta anuas ó thaobh Scór de sa chlub agus iarradh ormsa é a athbheochan.
Is rud iontach é le déanamh i rith an gheimhridh mar níl na páistí ag traenáil agus ag imirt cluichí. Fós, bíonn siad ag iarraidh teacht le chéile chun rudaí a dhéanamh.
Bhí ciorcal ceoil againn – cuid acu ag cleachtadh do Scór ach cuid eile acu ann díreach le seinm nó le hamhrán a chasadh. Rinne muid é sin gach Luan.
Don chéad chúpla seachtain mise a bhí ag iarraidh a bheith i mbun an chleachtadh cé nach bhfuil mé rómhaith ag canadh nó ag seinm ceoil thraidisiúnta, ach, de réir a chéile tháinig tuismitheoirí a raibh bua an cheoil acu agus thug siad cúnamh dúinn. De réir a chéile bhí daoine iontacha againn.’’
Bhí torthaí obair Chiain agus obair a chlub le feiceáil nuair a d’éirigh le Cumann Báire Chaoimhín Comórtas Bailéad-Ghrúpaí Átha Cliath a bhuachan ag Scór na nÓg i mbliana.
Maidir le ról na Gaeilge i gCumann Báire Chaoimhín, in ainneoin go mbíonn tús áite ag an mBéarla ann, bíonn roinnt rudaí éagsúla ar bun ag O’Carroll agus ag an gclub lena cur chun cinn.
‘’Nuair a théann tú chuig an gclub maidin Dé Sathairn bíonn roinnt Gaeilge le cloisteáil thimpeall na háite. Tá go leor páistí sa chlub a bhfuil Gaeilge acu. Tá dhá nó trí Ghaelscoil ceangailte leis an gCumann agus déanann muid iarracht an Ghaeilge a úsáid nuair is féidir.
Le linn Sheachtain na Gaeilge tugann muid bileoga, ar a bhfuil nathanna Gaeilge, do na cóitseálaithe le go bhféadfaidís beagáinín Gaeilge a labhairt leis na páistí. Bíonn áthas an domhain ar na páistí a théann chuig na Gaelscoileanna an Ghaeilge a chloisteáil timpeall na A,B,C’s agus mar sin de.’’
Tá níos mó i gceist le clubanna Chumann Lúthchleas Gael ná clubanna spóirt agus tá sé sin le feiceáil go soiléir ó obair Chumann Báire Chaoimhín agus iad ar aistear suimiúil chun lárionad sóisialta a chruthú agus a chur ar fáil don phobal uilig. Cumann Lúthchleas Gael – Tá ait dúinn uilig ann.
Is féidir tuilleadh eolais faoi chluiche corr ag secretary.rounders@gaa.ie agus faoi Scór ó jamie.otuama@gaa.ie.